GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Beidh an té a cheapfar freagrach as plean dúshlánach a chur i bhfeidhm chun líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht Chorcaí a mhéadú

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí

 

Tá Comharchumann Forbartha Mhúscraí i mbun earcaíochta chun Oifigeach Pleanála Teanga a aimsiú don réigiún. Beidh an té a cheapfar freagrach as plean dúshlánach a chur i bhfeidhm chun líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge cheantar sin a mhéadú agus an teanga a chothú ann.

Deir Bainisteoir an Chomharchumainn, Caroline Ní Nualláin: “Tá plean an-láidir curtha le chéile do cheantair Mhúscraí, ach tá duine cumasach, díograiseach agus fuinniúil de dhíth chun an plean a chur i bhfeidhm.  Is ceantar fíorspeisialta é seo ó thaobh na teanga de agus creideann muid go láidir go bhfuil todhchaí dhearfach amach romhainn.”

Dar le Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir na Rannóige Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta, go bhfuil “ag éirí go hiontach leis na hOifigigh Pleanála Teanga atá ceaptha ar fud na Gaeltachta dul i bhfeidhm ar phobal na Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge de”.

“Tá 16 Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha go dtí seo ar fud na gceantar Gaeltachta,” arsa Nic Grianna.  “Is post fíorthábhachtach é seo – tá todhchaí na teanga sa Ghaeltacht ag brath go mór ar obair na nOifigeach Pleanála Teanga agus ar an bhealach go n-éiríonn leo na pobail a ghríosú.”

Beidh an duine a cheapfar mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Mhúscraí lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Beidh 37.5 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre ar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu. 

Is é an comhlacht Meas Media atá ag soláthar seirbhísí earcaíochta do Chomharchumann Mhúscraí don bpost seo. Is é an spriocdháta le cur isteach ar an bpost ná Dé hAoine, an 8 Bealtaine, ag 5in.  Is féidir CV a sheoladh chuig: info@measmedia.com, nó tuilleadh eolais a fháil ón suíomh:  www.measmedia.com

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí'