GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Dhúiche Sheoigheach

Tá €100,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do C.D.S. Teo. chun tús a chur le clár oibre phlean teanga an cheantair agus Oifigeach Pleanála Teanga a earcú

GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Dhúiche Sheoigheach

Bunaíodh Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo. (C.D.S. Teo.) ag tús na seachtóidí chun cúrsaí forbartha pobail agus talmhaíochta i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh a chur chun cinn. Anois, tá an comharchumann lonnaithe in eastát Tóin le Gaoith i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe. Cuireann C.D.S. Teo. gach gné de chúrsaí forbartha pobail, cultúir, oidhreachta, teanga agus sóisialta chun cinn ar leas phobal na háite agus cuairteoirí chuig an gceantar.

Déanann siad riaradh ar na scéimeanna fostaíochta pobail agus tá ceangal láidir acu le coistí pobail an cheantair. Tugann siad tacaíocht do thograí pobail áitiúla agus déanann siad go leor tograí a fhorbairt i gcomhar le coistí pobail an cheantair, mar shampla, siúlóidí, cosáin, páirceanna spraoi, ionaid phobail, reiligí agus an-chuid eile. Is ceantar é Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh a bhfuil cultúr agus traidisiúin láidir, go háirithe sna healaíona béil, atá fós á gcoinneáil beo tríd an chéad ghlúin eile.

In 2015, thosaigh C.D.S. Teo. taighde i Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh maidir le cúrsaí pleanála teanga ar mhaithe le plean teanga seacht mbliana a chur le chéile. Le linn an phróisis, bhí an-tacaíocht ó mhuintir an LPT, scoileanna, gnóthaí agus coistí pobail an LPT chun an plean teanga a chur le chéile. Bhí breis is trí scór cruinniú ar mhaithe le taighde a dhéanamh ar an bplean, chomh maith le grúpaí fócais agus cruinnithe poiblí.

D’fhreastail breis agus céad duine ar chuid de na cruinnithe poiblí agus thaispeáin an pobal a gcuid tacaíochta an Ghaeilge a choinneáil agus a fhorbairt mar theanga an phobail san LPT agus an ceantar a choinneáil mar cheantar Gaeltachta. Rinneadh suirbhé i measc thuismitheoirí na ngasúr atá ag freastal ar scoileanna agus naíonraí an LPT agus ar an meán, dúirt breis is 75% de na tuismitheoirí sin go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dóibh mar theanga phobail agus mar áis oideachais.

I Meitheamh 2018, rinne an tAire Stáit Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an plean sin a fhaomhadh agus anois tá C.D.S. Teo., i gcomhar leis an gCoiste Stiúrtha Pleanála Teanga i mbun an phlean a chur i bhfeidhm. Mar chuid den phróiseas sin, tá Oifigeach Pleanála Teanga á lorg acu chun stiúradh éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú an phlean teanga don LPT.

Tá €100,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do C.D.S. Teo. don chéad 12 mhí chun clár oibre an phlean a chur i bhfeidhm agus Oifigeach Pleanála Teanga a earcú. Is féidir teacht ar an bplean teanga agus ar gach eolas faoin bpost ar shuíomh gréasáin an chomharchumainn ag www.discoverjoycecountry.com/ga/pleanail-teanga nó is féidir teagmháil a dhéanamh le C.D.S. Teo. ag 094-9548031 nó eolas.cdst@gmail.com.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Dhúiche Sheoigheach'