GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Fiontair Sóisialta á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise

Tá post mar Oifigeach Fiontair Sóisialta á thairiscint ag Comhlucht Forbartha na nDéise (CFnaD).

Beidh an té a cheapfar sa phost freagrach as gnó trádála a chothú, táirgí nua a fhorbairt, agus cúrsaí díolacháin a bhainistiú.

Tá post mar Oifigeach Fiontair Sóisialta á thairiscint ag Comhlucht Forbartha na nDéise (CFnaD).

Post ar chonradh dhá bhliain atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an tOifigeach Fiontair Sóisialta freagrach as réimse gníomhaíochtaí trádála a forbairt faoi scáth an Chomhlucht Forbartha ar mhaithe le sruth ioncam don gComhlacht a ghiniúint. Beidh sé mar dhualgais oibre ar an Oifigeach Fiontair Sóisialta deiseanna trádála éagsúla a aimsiú, plean gnó a ullmhú, agus gníomhaíochtaí trádála a fhorbairt i réimsí dealraitheacha le toil an Bhoird.

Deir Bainisteoir an Chomhlachta, Críostóir Ó Faoláin: “Post nua agus réimse oibre nua don gComhlucht atá i gceist. Beidh deis ag an té a cheapfar a cuid féin a dhéanamh den ról. Duine fuinniúil, cumasach a bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí gnó, margaíochta, agus forbairt táirgí atá ag teastáil.”

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas: Gaeilge mhaith, tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí gnó agus margaíochta, scileanna maithe eagrúcháin agus ríomhaireachta, agus lán-cheadúnas tiomána glan.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomhluchta sa Rinn agus sa tSean-Phobal. Obair mar chuid d’fhoireann an Chomhluchta atá i gceist, in éindí leis an mBainisteoir Forbartha, an Pleanálaí Teanga, agus an Áisitheoir Teaghlaigh agus Óige. Post lánaimseartha é seo le huaireanta solúbtha agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin.

Tá an fhostaíocht seo páirtmhaoinithe faoi Scéim na gCéimithe ag Údarás na Gaeltachta agus cloífear le critéir na scéime sin dá bharr. Tá sé oscailte dóibh siúd go bhfuil Cáilíocht Leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí bainte amach acu laistigh de 4 bliana, i.e. 2017/18/19/20.

Tá sonraí an phoist le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Forbartha CFnaD ag: cfdeise@gmail.com

Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí r-phost amháin, roimh Dé Céadaoin, 7 Aibreáin chuig: cfdeise@gmail.com

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Fiontair Sóisialta á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise'