GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oideachas den scoth trí Ghaeilge ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá níos mó éilimh le tamall ar oibrithe le Gaeilge agus ar oibrithe atá oilte ar obair a dhéanamh trí Ghaeilge

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oideachas den scoth trí Ghaeilge ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Is léir go bhfuil borradh faoi gheilleagar na tíre le tamall anuas. Tá rátaí dífhostaíochta ag titim agus tá deiseanna suntasacha ag teacht chun cinn dóibh siúd atá oilte agus cáilithe. Tá níos mó éilimh ar oibrithe le Gaeilge agus ar oibrithe atá oilte ar obair a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá ról tábhachtach ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh san oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge agus freastalaíonn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge orthu siúd gur mhaith leo oideachas den scoth trí Ghaeilge a fháil agus na deiseanna suntasacha seo a thapú.

Is ag an am seo den bhliain a bhíonn daoine ag smaoineamh ar chúrsaí don bhliain seo chugainn, cúrsaí nach bhfuil an oiread sin ama staidéir le caitheamh  leo. Cuireann an tAcadamh raon leathan cúrsaí Dioplóma páirtaimseartha ar fáil gach bliain. Is deiseanna iontacha iad seo chun tabhairt faoi chúrsa atá solúbtha agus soláimhsithe ó thaobh ama de. Reáchtáiltear roinnt de na cúrsaí seo go cianda ar an idirlíon, nó ag úsáid modhanna measctha teagaisc, rud a thugann go leor saoirse don fhoghlaimeoir ó thaobh a bheith ag obair ag am a fheileann dóibh féin i rith na seachtaine.

I measc na gcúrsaí seo tá an Dioplóma sa Chultúr Dúchais, atá dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin. Is é aidhm an Dioplóma i bhForbairt Gréasáin léargas – teoiriciúil agus praiticiúil – a thabhairt don rannpháirtí ar bhunteicneolaíochtaí ríomhaireachta agus idirlín. Beidh béim ar leith sa chlár seo ar an idirlíon agus ar dhearadh gréasáin, agus ar na teicneolaíochtaí éagsúla a chuidíonn leis an bhforbróir gréasáin. Tá sé mar aidhm sa Dioplóma i Scileanna Físe oiliúint a chur ar fáil do mhic léinn i ngnéithe éagsúla a bhaineann le hábhar ilmheán a chruthú agus a chur ar líne. Dar ndóigh, tá an Dioplóma sa Ghaeilge ann dóibh siúd gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Reáchtáiltear leaganacha éagsúla den Dioplóma seo, agus cibé leibhéal cumais Gaeilge atá agat, tá leagan ann atá oiriúnach duit.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oideachas den scoth trí Ghaeilge ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'