GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Líonraí Gaeilge i mbun earcaíochta den chéad uair

Tá cúig Líonra Gaeilge i mbun earcaíochta le Comhordaitheoirí Pleanála Teanga a cheapadh mar chuid den phróiseas pleanála teanga atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta 2012

GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Líonraí Gaeilge i mbun earcaíochta den chéad uair

Tá próiseas earcaíochta ar siúl i gcúig líonra Gaeilge atá aitheanta mar chuid den phróiseas pleanála teanga náisiúnta. Is in 2015 a cuireadh tús le próiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, Inis i gContae an Chlár, Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe, Carn Tóchair i gContae Dhoire agus in Iarthar Bhéal Feirste i gContae Aontroma. Tá stádas mar Líonraí Gaeilge anois bainte amach agus pleananna teanga cuimsitheacha ullmhaithe acu le cur leis an Ghaeilge atá á labhairt agus le feiceáil sna ceantair seo.

Le tús a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga seo tá próisis earcaíochta ar siúl i ngach ceann de na Líonraí Gaeilge le Comhordaitheoirí Pleanála

Teanga a cheapadh. Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:

“Is céim shuntasach chun tosaigh é seo do na líonraí Gaeilge agus folúntais mar Chomhordaitheoirí Pleanála Teanga anois fógartha. Beidh ról lárnach ag na ceapacháin seo ag croílár an phróisis pleanála teanga sa tír agus tá muid ag dúil go mór le bheith ag tacú leo agus na pleananna teanga á gcur i bhfeidhm amach anseo.”

I measc na gcáilíochtaí a bheidh ag na Comhordaitheoirí Pleanála Teanga a cheapfar beidh:

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla.
  • Ardscileanna eagrúcháin agus bainistíochta ag leibhéal sinsearach.
  • Tuiscint agus taithí mhaith ar phlé le hearnálacha éagsúla/pobail ilchultúrtha, agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail /ranna stáit.
  • Tuiscint agus taithí mhaith i bhforbairt na ceannaireachta.
  • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal.
  • Ardscileanna cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta.
  • Cumas tosaíochtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh laistigh d’achar teoranta.
  • Cumas oibriú mar chuid d’fhoireann nó as do stuaim féin.
  • Taithí mhaith a bheith ag plé leis na meáin chumarsáide/na meáin shóisialta.

Tá an próiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt deiseanna do phobail bheith uaillmhianach maidir leis an Ghaeilge ina gceantar agus tionscadail úra a chur ar bun. Mar gheall go bhfuil pleananna teanga dírithe ar riachtanais gach líonra, freastalóidh na Comhordaitheoirí Pleanála Teanga ar gach líonra ar an bhealach is oiriúnaí do phobal na Gaeilge sa cheantar áirithe sin.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na próisis earcaíochta i ngach ceann de na líonraí Gaeilge a aimsiú anseo:

Fág freagra ar 'GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Líonraí Gaeilge i mbun earcaíochta den chéad uair'