Tá forbairt ag teacht go leanúnach ar an obair atá idir lámha ag COGG ó bunaíodh í i 2002.
Is ar an soláthar téacsleabhar agus áiseanna eile teagaisc do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
a dhírigh COGG ar dtús ach le himeacht na mblianta cuireadh go mór leis na seirbhísí taca do scoileanna, leis an taighde faoi ábhar ar nós teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge agus cuirtear comhairle ar fáil go leanúnach faoi na cúrsaí seo.
Tá COGG freagrach as feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus bíonn beirt oifigeach Oideachais againn ag taisteal ar fud na gceantar Gaeltachta ag tacú leis na scoileanna atá páirteach ann.
Tá Plean Feabhsúcháin Scoile ullmhaithe ag na scoileanna um an dtaca seo agus é curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is iontach an obair atá ar siúl sna scoileanna ag ullmhú le tús oifigiúil á chur sa bhfómhar le feidhmiú an Pholasaí.
Foireann bheag atá ag COGG agus cúis áthais dúinn go bhfuil méadú beag le teacht ar an bhfoireann sin, toisc méadú a bheith ag teacht ar raon ár ndualgas.
Tá oifigeach Oideachais Bunscoile á earcú le plé le háiseanna teagaisc do na scoileanna, le comhairle agus eolas a chur ar fáil agus le cúrsaí do mhúinteoirí a eagrú, i measc rudaí eile. Post bliana atá i gceist, mar thús, agus d’fhéadfadh gur múinteoir ar iasacht a cheapfaí.
Tá príomhoifig COGG i mBaile Átha Cliath ach d’fhéadfaí ionad oibre eile a shocrú, ag braith ar áit chónaithe an té a cheapfar.
Tá gach eolas faoin bpost seo ar fáil ar www.cogg.ie agus Dé Máirt an 5 Meitheamh 2018 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Forbairt leanúnach á déanamh ar obair COGG'