GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas mar Oifigeach Pleanála Teanga, Oileán Árainn Mhór

An cainteoir cumasach Gaeilge tú le suim faoi leith oibriú ar feadh tamaill i ngort na Gaeilge le pobal Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall?  Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga ar chonradh trí bliana á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas mar Oifigeach Pleanála Teanga, Oileán Árainn Mhór

An cainteoir cumasach Gaeilge tú ag a bhfuil suim faoi leith oibriú ar feadh tamaill i ngort na Gaeilge le pobal Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall? Tá caighdeán iontach saoil le fáil ar an oileán, oileán a bhfuil seirbhís mhaith farantóireachta ar fáil ann ón tír mór agus nach nglacann an turas fhad leis ach fiche bomaite.

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR. Is é Comharchumann Árainn Mhór i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór atá freagrach as plean teanga Árainn Mhór a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus is féidir cur leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheaptar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheaptar fostaithe ag Comharchumann Árainn Mhór CTR agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i réimse na pleanála teanga/forbartha pobail nó taithí ábhartha fhadtréimhseach i gceann de na réimsí sin
  • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail, ar obair oifige agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal
  • Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta
  • Taithí ar bhainistiú foireann oibre
  • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn.

Beidh 37 uair an chloig oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarrthóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu. Ag brath ar thaithí an iarrthóra, beidh tuarastal idir €35,000 agus €50,000 ag gabháil leis an phost.

Tá an plean teanga don LPT ar fáil ar an suíomh idirlín https://www.arranmoreisland.ie/pleanail-teanga-language-planning/.

Seoltar iarratais mar aon le Curriculum Vitae roimh an 17 Deireadh Fómhair 2022 chuig:

An Cathaoirleach, Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas mar Oifigeach Pleanála Teanga, Oileán Árainn Mhór'