GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fo-éadaí féiltiúla do na fearaibh ar fad

Tá fo-éadaí gaelacha Buachaill le fáil i dtrí dhath, iad beag, meánach, mór agus ollmhór agus iad breá bog..

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fo-éadaí féiltiúla do na fearaibh ar fad

Cad é an chéad rud a chuireann tú ort gach maidin? Tá súil againn gurb iad na fo-éadaí an chéad rud a chuireann tú umat! D’fhir óga, is éard a theastaíonn uathu ná fo-éadaí sóúla atá oiriúnach le caitheamh do gach cineál ócáide. Bíonn fo-éadaí maithe ag teastáil le caitheamh gach lá, nuair a bhíonn cluichí spóirt á n-imirt, agus freisin nuair a bhítear ag dul amach istoíche. Oireann fo-éadaí Buachaill do gach rud.

D’eascair an smaoineamh d’fho-éadaí Buachaill nuair a cheannaigh an bunaitheoir, an tUasal Ó Buachalla, fo-éadaí ar an ngréasán domhanda ó chuideachta san Astráil. An lá tar éis dó iad a fháil, bhuail an smaoineamh é gur aisteach an rud é go raibh fo-éadaí ón taobh eile den domhan á gceannach aige nuair ba cheart dó fo-éadaí as Éirinn a cheannach. Tar éis cuardach a dhéanamh d’fho-éadaí Éireannacha, thuig sé nach raibh aon chuideachta in Éirinn ag déanamh fo-éadaí d’fhir. Rith an smaoineamh leis go raibh deis ann fo-éadaí Éireannacha a dhéanamh.

Má bhí fo-éadaí Éireannacha le bunú, bhí gá le fo-éadaí ar léir gur táirge Éireannach iad. Ní oirfeadh ainm leamh do na fo-éadaí seo. Bhí gá le hainm a chuirfeadh tréithe na fearúlachta in iúl. Bhí gá le hainm a bheadh daoine in Éirinn in ann a thuiscint agus cuimhneamh air go héasca. Ní fhéadfáan focal buachaill a shárú mar rogha. Tuigeann cách cad is brí le buachaill, fiú mura bhfuil Gaeilge acu.

Tá fo-éadaí Buachaill le fáil i dtrí dhath – dearg, bán, agus dubh. Tá siad le fáil i gceithre mhéid – beag, meánach, mór, agus ollmhór. Tá siad déanta go maith le go seasfaidh siad tamall maith de bhlianta. Tá siad ábhairín teann le go mbeidh an tacaíocht cheart ann sna háiteanna is gá. Tá siad déanta as cadás agus leaisteán mar sin tá an t-éadach breá bog agus ní chuirfidh siad as don té a chaitheann iad.

Má tá bronntanas greannmhar Nollag á lorg ag daoine d’aon fhear – deartháir, athair, cara, mac, comhghleacaí nó duine éigin eile – tá fo-éadaí Nollag faoi leith le fáil ar www.buachaill.com Tá an teachtaireacht ghreannmhar ‘Who’s your Daidí na Nollag?’ clóite orthu.

Níl ach líon teoranta díobh ann agus nuair a bheidh gach ceann díolta, ní bheidh aon cheann eile le fáil. Tá an suíomh gréasáin www.buachaill.com le fáil i nGaeilge, mar sin d’aon duine ar mian leo gnó a dhéanamh i nGaeilge, beidh siad in ann an gnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fo-éadaí féiltiúla do na fearaibh ar fad'

  • Pádraig

    Tá dhá phéire agam agus tá sé ar intinn agam mo thríú phéire a cheannach gan moill!