GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúrsaí Aistriúcháin – Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá cúrsaí aistriúcháin Ollscoil na Gaillimhe á gcur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúrsaí Aistriúcháin – Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá cúrsaí aistriúcháin Ollscoil na Gaillimhe á gcur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus dornán ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist leis na cúrsaí aistriúcháin ar fad thíosluaite, tá siad fíoroiriúnach do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin d’ardchaighdeán acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit. Is cúrsaí ag Leibhéal 9 iad na cúrsaí go léir thíos agus téann siad ar fad i ngleic leis na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin.

Is cúrsa bliana é an Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin), bíodh go bhfuil sé de rogha ag an mac léinn an cúrsa a dhéanamh in imeacht seal níos faide ná bliain amháin. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge agus cruinnscríobh na Gaeilge mar bhunchloch den chúrsa. Cuirfear oiliúint ar an mac léinn maidir leis na cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, freisin. Ina theannta sin, is féidir leis an mac léinn na creidiúintí ón Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) a chur i dtreo an MA (Léann an Aistriúcháin) ar chríochnú an chúrsa sin go sásúil dó/di. Is ionann clár an Teastais Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) agus an clár do bhliain 1 den MA (Léann an Aistriúcháin).

Is cúrsa dhá bhliain é an MA (Léann an Aistriúcháin). Tabharfar dúshlán an mhic léinn i sainréimsí an aistriúcháin sa chúrsa seo. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu – bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc – mar aon le sainoiliúint a fháil i sainréimse an aistriúcháin liteartha, i dtéacsanna aistriúcháin institiúidí an Aontais Eorpaigh agus san eagarthóireacht.

Tá sé de rogha ag mac léinn an MA (Léann Teanga) staidéar a dhéanamh ar speisialtóireacht faoi leith i Léann an Aistriúcháin i mbliain 2 den chúrsa.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúrsaí Aistriúcháin – Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'