GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúig chúis ar cheart duit Ollscoil na Gaillimhe a roghnú…

Céard air ba cheart duit a bheith san airdeall agus ollscoil á roghnú agat?

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúig chúis ar cheart duit Ollscoil na Gaillimhe a roghnú…

Ón láthair go héagsúlacht na gcúrsaí, tá go leor rudaí le cur san áireamh agus d’ollscoil á roghnú agat.

As seo go ceann cúpla bliain beidh tú ag freastal ar an institiúid tríú leibhéal a roghnaíonn tú, mar sin tá sé tábhachtach rogha chiallmhar a dhéanamh. Ach céard iad na rudaí ba chóir duit a lorg?

Seo na cúig rud is mó ba cheart duit a chur san áireamh agus ollscoil á roghnú agat:

Ollscoil a bhfuil cáil dhomhanda uirthi

Agus ollscoil á roghnú agat, tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios agat go bhfuil dea-cháil ar an institiúid agus go bhfuil sí in ann oideachas den scoth a chur ort.

Áirítear Ollscoil na Gaillimhe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain bunaithe ar shonraí i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain. Tá sí liostaithe i Ranguithe Infhostaitheachta Céimithe QS mar cheann de na hollscoileanna is fearr in Éirinn maidir le hinfhostaitheacht céimithe.

Áit a bhfuil na cúrsaí is fearr ar fáil

Ar cheann de na rudaí is mó is gá duit a chur san áireamh tá an cúrsa is mian leat staidéar a dhéanamh air. Déan cinnte go bhfuil rogha leathan de réimsí acadúla ag an gcoláiste a bhfuil suim agat ann, chomh maith le deiseanna socrúcháin oibre agus naisc le tionscal. Tabharfaidh sé seo buntáiste duit nuair a thosaíonn tú amach ar do ghairm bheatha.

Mar sin, fiú mura bhfuil tú cinnte cén ghairm bheatha atá uait nó cén réimse is mó a bhfuil spéis agat ann, tá an t-am agat é sin a oibriú amach duit féin.

Tacaíocht dár gcuid mac léinn

Ar cheann de na rudaí is mó a bhíonn i gceist agus tú ag tabhairt faoi shaol na hollscoile tá an pobal bríomhar mac léinn a mbeidh tú páirteach ann agus an cumas atá san institiúid tú a spreagadh chun barr do chumais a bhaint amach i gcomhluadar cuid de na cairde is fearr a dhéanfaidh tú go deo.

Roghnaigh Fiona Murtagh, an rámhaí Oilimpeach a bhuaigh bonn airgid, Ollscoil na Gaillimhe chun staidéar a dhéanamh ar an gclár MBA. Déanann sí cur síos ar an gcaoi ar chuidigh tacaíocht leanúnach iontach na léachtóirí agus na mac léinn araon léi dul i ngleic le héilimh a cúrsa anuas ar a hualach oibre reatha.

“Fágaimid an seomra ranga i gcónaí agus muid bíogtha agus spreagtha, agus blúirín eolais roinnte againn nó faighte againn le tabhairt abhaile linn,” a deir Fiona.

“Tá fíor-chomhbhá na ndaoine mórthimpeall orm, agus a dtoilteanas cabhrú liom, tar éis a chinntiú go bhfuilim ag déanamh dul chun cinn ar bhonn leanúnach.”

Deir Fiona freisin go gcuireann Ollscoil na Gaillimhe na mic léinn, agus a gcuid oideachais, i gcroílár gach a ndéanann sí.

“Nuair a roghnaigh mé staidéar a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe bhí deis agam smaoineamh ar an todhchaí, gan an méid atá idir lámha agam faoi láthair a chur i mbaol. Tá mé in ann mo chuid staidéir agus mo chuid traenála araon a dhéanamh, rud a thugann muinín dom gur roghnaigh mé an áit cheart chun mo ghairm bheatha a chur chun cinn agus chun mé a ullmhú don saol tar éis an spóirt.”

Láthair den scoth

Bíonn tionchar ag méid na cathrach, agus pearsantacht an phobail áitiúil ar do chuid blianta ag an ollscoil.

Tá tírdhreach agus cultúr uathúil ag baint le Gaillimh agus is baile coláiste gnóthach í, áit a bhfuil neart áiseanna siamsaíochta ar fáil atá dírithe ar mhic léinn.

Tá ocht gcinn de na deich gcuideachta teicneolaíochta leighis is fearr ar domhan lonnaithe anseo freisin, mar sin má tá suim agat i gcúrsaí lena n-áirítear Biteicneolaíocht, Eolaíocht Bhithleighis agus Innealtóireacht Bhithleighis, beidh tú i gceartlár an tionscail teicneolaíochta leighis má dhéanann tú staidéar i nGaillimh.

De bharr go bhfuilimid lonnaithe ar láthair den scoth ciallaíonn sé go mbeidh deiseanna iontacha fostaíochta ar fáil duit nuair a bhaineann tú do chéim amach. Chomh maith leis sin, mar gheall ar líon na n-ionad agus na n-institiúidí taighde i nGaillimh a bhfuil cáil dhomhanda orthu tá an-éileamh ar chúrsaí a bhaineann leis na réimsí taighde seo!

Is féidir le do thréimhse sa choláiste a bheith ar cheann de na heispéiris is fearr de do shaol, mar sin déan cinnte go roghnaíonn tú ollscoil ina mbeidh ní hamháin gach rud atá uait chun cabhrú leat do phearsantacht féin a mhúnlú agus tabhairt faoi do rogha gairm bheatha, ach freisin chun tú a ullmhú le barr do mhaitheasa a bhaint amach sa saol amach romhat.

Is í Ollscoil na Gaillimhe an áit is fearr le bualadh le saorsmaointeoirí ar champas bríomhar, cruthaitheach agus spreagúil i gcroílár na Gaillimhe.

Tá cláir chéime sholúbtha againn atá á spreagadh ag riachtanais an tionscail; agus deiseanna iontacha socrúcháin agus staidéir thar lear.

Is í Gaillimh an Áit is Fearr   

universityofgalway.ie/cao

#GalwaysThePlace

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Cúig chúis ar cheart duit Ollscoil na Gaillimhe a roghnú…'

  • alan titley

    Aaaaaááá, piosa breá bolscaireachta gan bhréig! Cad mar gheall ar UCC go bhféadfá na nithe céanna a rá ina thaobh agus iad a mhéadu faoi thrí, ar a laghad? Gan trácht ar an spórt, an chamógaíocht, an iomáint, an chaid, an chraic, an comhluadar, na cumainn, an léann agus blas álainn na cathrach a chuirfeadh cluaisíní croí ar an duine is dúire amuigh!

  • Bríd

    Tá Ollscoil na Gaillimhe suite sa chathair is áille, is cultúrtha, ceolmhaire agus is Gaelaí sa tír. I bhfoisceacht scread asail tá na ceantair Ghaeltachta agat agus siar leat an cósta agus tógfar d’amharc le háilleacht chuan na Gaillimhe, gan trácht ar an radharc a gheobhas tú ar 3 oileán Árann.