GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Céim sna meáin san Acadamh – trí shúile an mhic léinn

Déanann mac léinn cur síos ar bhuntáistí an chláir léinn GY122 (Cumarsáid agus Gaeilge)

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Céim sna meáin san Acadamh – trí shúile an mhic léinn

Agus mé ag siúl isteach doras an Acadaimh ar an gcéad lá riamh, ní raibh tuairim dá laghad agam céard a bhí romham. Bhí a fhios agam go raibh suim agam sna meáin, b’fhéidir, ach ní raibh mé cinnte. I ndiaidh mo chéad chúpla seachtain ar an gcúrsa Cumarsáide ní raibh aon dabht orm faoi, ba ghairm bheatha sna meáin a bhí uaim.

An rud is mó a thaitin liom faoin gcúrsa ná an chaoi ar cuireadh béim ar an bhfoghlaim phraiticiúil. Beart seachas briathar. Is mó a fhoghlaimíonn tú as praiseach a dhéanamh de rud éigin ná as leabhar a léamh.

Bhíomar caite isteach sa bhearna bhaoil ón gcéad lá. Taispeánadh dúinn conas an trealamh a chasadh air agus conas taifead a dhéanamh. Ansin dúradh linn: “Tá 30 nóiméad agaibh, tagaigí ar ais le cúpla físeán gairid.”

Ag breathnú siar air, ba cheacht tábhachtach é, cé gur cheapamar uile go raibh sé aisteach ag an am. Thug siad le tuiscint dúinn ón gcéad lá go rabhamar in ann an obair a dhéanamh, ní raibh ann ach barr feabhais a chur orainn féin (rud a bhí de dhíth go mór, ag smaoineamh siar ar na físeáin úd!).

Ach sin taithí a thugann an cúrsa seo duit. Ní hamháin go bhfaighidh tú deis tabhairt faoi thograí agus foghlaim ó dhaoine atá tar éis a bheith, nó atá fós, ag obair sna meáin, tugann siad misneach duit chomh maith. Faoin am a dtéann tú amach ar thaithí oibre, tá sraith de chláir bheo raidió déanta agat, cúpla alt iriseoireachta scríofa agat agus dhá ghearrscannán curtha i gcrích agat, agus tú ag feabhsú le gach ceann.

Is dócha an chuid is fearr den chúrsa, agus an chuid is luachmhaire, ná an tréimhse taithí oibre a bhíonn le déanamh ag na mic léinn sa tríú bliain. Is le linn na tréimhse sin a bhain mé buaicphointe mo ghairme amach.  Bhí sé iontach do dhuine dul amach ar thaithí oibre agus teacht ar ais le hainmniúchán do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Ní raibh mé ag súil leis agus is cinnte nach mbeadh an t-ainmniúchán bainte amach agam murach an méid a d’fhoghlaim mé le linn mo thréimhse ar an gcúrsa Cumarsáide.

Is fíor-annamh a faigheann tú an deis dul ag obair san earnáil i gcomhair tréimhse mar chuid de do chúrsa. Tá nasc láidir idir an tAcadamh agus na craoltóirí móra ar nós TG4 agus RTÉ. Is iomaí iarmhac léinn de chuid an chúrsa Cumarsáide atá, nó a bhí, ag obair leo.

Deis eile a thugann an cúrsa seo duit ná, mar a luaigh mé níos túisce, go bhfuil an taithí faighte agat agus tú ag siúl amach an doras. Sin rud a chuidíonn go mór leat agus tú ag dul faoi agallamh. Nuair atá tú ag cur isteach ar phost, is féidir leat a rá go raibh tú i mbun craolta agus i mbun oibre sna meáin le cúpla bliain anuas, agus sin buntáiste nach mbíonn ag gach iarrthóir.

Mholfainn go mór do dhaoine tabhairt faoin gcúrsa Cumarsáide in OÉ Gaillimh. Cinnte ní bheadh mise san áit ina bhfuilim inniu dá uireasa.

  • Is láithreoir é Aindriú de Paor ar RTÉ Pulse agus ar Raidió na Life. Bíonn sé ina thuairisceoir rialta le RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith. Ainmníodh é don ghradam Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2017. Bronnadh an gradam sin ar iarmhac léinn eile de chuid na Cumarsáide san Acadamh, Sláine Ní Chathalláin.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Céim sna meáin san Acadamh – trí shúile an mhic léinn'