GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat post in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Tá MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh…

De réir meastacháin a d’eisigh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach, beidh breis is 180 ball foirne a mbeidh ardscileanna Gaeilge acu de dhíth le freastal ar na riachtanais aistriúcháin i bpríomhinstitiúidí an AE idir seo agus 2022

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat post in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Tá MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh…

Ritheadh an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh den chéad uair sa bhliain acadúil 2016-17 agus tá an cúrsa ceannródaíoch seo ag dul ó neart go neart ó shin i leith. Fáiltítear anois roimh iarratais don mbliain acadúil 2018-19 agus beidh deis acu siúd a dhéanann iarratas faoin 15 Iúil cur isteach ar scoláireacht (táillí íoctha). 

Tá an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa dírithe ar dhaoine ar mhaith leo cur isteach ar phost mar aistritheoir nó mar dhlítheangeolaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is poist spéisiúla iad seo, a bhfuil tuarastal ard agus coinníollacha maithe oibre ag gabháil leo chomh maith le deiseanna ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach. Cuireann an obair thábhachtach, fhiúntach a bhíonn idir lámha ag aistritheoirí agus dlítheangeolaithe go mór le stádas na Gaeilge san Eoraip agus in Éirinn.

De réir meastacháin a d’eisigh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach, beidh breis is 180 ball foirne a mbeidh ardscileanna Gaeilge acu de dhíth le freastal ar na riachtanais aistriúcháin i bpríomhinstitiúidí an AE idir seo agus 2022: 42 cúntóir, 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí agus 6 cheann aonaid/roinne. Beidh foireann ateangaireachta le hearcú anuas air sin agus beidh tuilleadh daoine fós de dhíth go leanúnach le cinntiú go mbeidh dóthain gairmithe teanga le Gaeilge ar fáil i gcónaí le freastal ar riachtanais na n-institiúidí Eorpacha.

Cúrsa bliana í an Mháistreacht sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa atá dírithe ar chéimithe sa dlí, nó ar dhaoine le cáilíochtaí eile sa dlí, agus caighdeán maith Gaeilge acu chomh maith agus ar mhian leo an caighdeán sin a ardú anois agus cur lena saineolas ar Dhlí na hEorpa.

Chomh maith le croí-mhodúil sa Ghaeilge agus sa Dlí, tugann mic léinn faoi mhodúil roghnacha i nDlí na hEorpa agus i dteanga eile de chuid na hEorpa, chomh maith le dianchúrsa Gaeltachta. Tá liosta de na modúil agus cur síos ar an obair a dhéanann dlítheangeolaithe agus aistritheoirí in institiúidí an AE le fáil ag https://www.ucc.ie/ga/nuaghaeilge/iarch%C3%A9imithe/ agus ag https://www.ucc.ie/en/ckd49/.

Is féidir breis eolais mar gheall ar an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa a lorg ach teagmháil a dhéanamh leis an Dr Síle Ní Mhurchú, Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag an seoladh s.nimhurchu@ucc.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat post in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Tá MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh…'