GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh (OL), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC)

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Céard é an Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS)?

Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh (OL), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC).Tá tacaíocht ag an gClár ón Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL).

Is é an DGCS an tSraith Ghaeilge den ‘Professional Diploma in School Leadership’. Tá sé faoi scáth OÉ Gaillimh agus tá sé dírithe ar earnáil an Ghaeloideachais. Tá sé dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile. Tugann an dioplóma iarchéime seo an cháilíocht, an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín do mhúinteoirí uaillmhianacha le go mbeidh siad ullamh le tabhairt faoi ról ceannaireachta i scoileanna.

Tagann na mic léinn ar thuiscint dhomhain ar na heochairchoincheapa agus saincheisteanna i litríocht na ceannaireachta agus bíonn ar a gcumas iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an oideachais trí Ghaeilge.

Is foghlaim chumaisc atá ann agus na hábhair léitheoireachta/léachtaí á gcur ar fáil ar líne, ranganna teagaisc á reáchtáil ar líne agus roinnt bheag laethanta ar an láthair.

Reáchtáiltear an DGCS trí Ghaeilge: ranganna teagaisc, cumarsáid, plé, measúnuithe srl. Tá taithí cheannaireachta in earnáil an Ghaeloideachais acu siúd atá i mbun an DGCS agus tá ardchumas Gaeilge acu.

Gné shuntasach den DGCS an dá chuairt cheannaireachta. Gheobhaidh na mic léinn léargais thábhachtacha ar an gceannaireacht i rith na gcuairteanna seo.

Cuairt 1: Déanfar an chuairt seo i seimeastar 2 agus beidh an mac léinn i bhfochair ceannaire nach bhfuil in earnáil an oideachais.  Tabharfaidh seo léargais don mhac léinn ar an gceannaireacht in earnáil eile.

Cuairt 2: Déanfar an chuairt seo i seimeastar 3 agus tabharfaidh an mac léinn cuairt ar scoil eile. Le cabhair na dtuiscintí nua a bheidh faighte acu ar an gclár go dtí sin beidh siad in ann iniúchadh a dhéanamh ar chleachtais cheannaireachta, nithe nuálacha ach go háirithe, i gcomhthéacs eile.

Príomhphointí Eile:

  • Cúrsa páirtaimseartha: 6 mhodúl thar thréimhse 18 mí (trí sheimeastar)
  • ECTS: 60
  • Measúnú: Beidh an measúnú bunaithe ar thascanna scríofa. Bheidh tascanna aonair agus tascanna grúpa i gceist. Tabharfar treoracha faoi mheasúnú ag tús gach modúil.
  • Riachtanais Iontrála: NFQ 8, cáilíocht mhúinteoireachta, a bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus taithí 5 bliana múinteoireachta.
  • Tá an DGSC arna pháirtchistiú ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. €2,000 le híoc ag rannpháirtithe.
  • Comhdhámhachtain idir Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Luimnigh agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Deiseanna dul ar aghaidh agus Máistreacht san Oideachas a bhaint amach
  • Ag tosú: Meán Fómhair
  • Clárú agus Tuilleadh Eolais: https://www.ul.ie/pdsl

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile'