Glúin réabhlóid TG4 – ‘Bhris croí an déagóra ionam nuair a phós Síle Ní Bhraonáin…’

TG4@20: Is duine mise den ghlúin shona sin nach cuimhneach liom an saol gan stáisiún teilifíse Gaeilge a bheith ann

Glúin réabhlóid TG4 – ‘Bhris croí an déagóra ionam nuair a phós Síle Ní Bhraonáin…’

Ár gcolúnaí Maitiú Ó Coimín, ar dheis, ag fanacht ar theacht Theilifís na Gaeilge

TG4 at 20

Bíonn caint na laethanta seo ar an ‘Dúchasach Digiteach’, an ghlúin sin a fhoghlaimíonn cén chaoi leis an iPad a láimhseáil sula mbíonn an chaint féin acu.

D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur Dúchasach TG4 mise.

Is duine mise den ghlúin shona sin nach cuimhneach liom an saol gan teilifís Ghaeilge a bheith ann. Bhí mé cúig bliana d’aois nuair a thosaigh TnaG ag craoladh Oíche Shamhna 1996 agus ba bheag an aird a bhí agam ar chúrsaí cearta teanga ná ar chúrsaí teilifíse, Béarla ná Gaeilge.

Is cuimhneach liom oíche sheolta TG4, ar éigean, toisc gur oíche mhór cheiliúrtha a bhí inti, ach déanta na fírinne ní cuimhneach liom an uair nár fhéad mé an cainéal a athrú agus mo chuid cartún a fheiceáil i nGaeilge.

Níorbh ait liom riamh go mbíodh an corrfhocal a thiocfadh ó bhéal Samurai Jack i nGaeilge, ná go raibh tuin Ghaelach ar scréachaíl gháire Spongebob. Níorbh údar iontais dom go gcloisfí an Ghaeilge ar an teilifís tráth ar bith den lá in áit na míre nuachta amháin a chraoltaí i rith an lae agus corr-eagrán de Radharc. Ba i nGaeilge a casadh orm Bouli agus ba i nGaeilge a chuir mé aithne ar go leor carachtar cartúin eile ina dhiaidh.

Is dóigh gur beag duine a bhíodh ag feachtasaíocht sna 1970idí agus 1980idí le haghaidh stáisiún Gaeilge a shamhlaigh go mbeadh a leithéid de chlár agus Aifric á chraoladh in Éirinn faoin mbliain 2006.

Bhí mé 15 nuair a thosaigh Aifric – atá á thaispeáint fós i ranganna Gaeilge i meánscoileanna ar fud na tíre – ar TG4 ach níorbh aon chúis iontais dom é go bhfeicfinn mo chomhaoisigh ar an scáileán ag dul i ngleic le fadhbanna na ndéagóirí i nGaeilge.

Síle Ní Bhraonáin

Go deimhin, is dóigh liom go mbainimse leis an gcéad ghlúin riamh d’óige na hÉireann ar spéirbhean álainn Ghaelach ar an teilifís í a chéad ghrá riamh. Bhris croí an déagóra, a mhaireann ionam fós, nuair a phós Síle Ní Bhraonáin.

Bhí an “normalú teanga” sin, mar a thabharfadh teangeolaí anois air is dóigh, thar a bheith tábhachtach do mhúnlú an mheoin atá ag mo ghlúinse de chainteoirí Gaeilge. Glúin a cháintear go minic as a leisciúlacht maidir le gníomhaíochas teanga, ach atá, dar liom, ar cheann de na glúine is réabhlóidí a tháinig riamh.

Is fíor gur troideadh go leor cathanna sular tháinig muid ar an saol, níor throid mise do stáisiún raidió, do nuachtán ná do stáisiún teilifíse. Bhí na nithe sin ann romham nó go gairid i mo dhiaidh. Ach thug toradh na gcathanna sin – TG4 ina measc – misneach nádúrtha dúinn nach raibh ag aon dream eile a chuaigh romhainn.

Bíonn muid ag súil go mbeadh rud ar bith atá ar fáil i mBéarla ar fáil dúinn i nGaeilge. Is muide an ghlúin a thug an Ghaeilge isteach sa 21ú haois agus a chuir Gaeilge ar Facebook, Gmail agus Twitter. Ní raibh aon troid ann. Tá muinín againn as ár dteanga a bhuí leis an mórmheán nua-aimseartha a bhí againn ón gcéad lá riamh a thug le fios dúinn go bhfuil an Ghaeilge chomh maith céanna leis an mBéarla agus gur féidir linn maireachtáil sa saol nua-aimseartha i nGaeilge.

Tá mé fíorbhuíoch díobh siúd a bhunaigh Teilifís na Gaeilge i 1996, díobh siúd a throid ar a son roimhe sin agus díobh siúd a shaothraigh sa stáisiún ar feadh na bhfichead bliain atá imithe tharainn ó shin. Táim buíoch go háirithe as an misneach a thug siad do mo ghlúinse, agus as na cuimhní iontacha a thug siad do bhuachaill a d’fhás aníos faoina n-anáil.

Fág freagra ar 'Glúin réabhlóid TG4 – ‘Bhris croí an déagóra ionam nuair a phós Síle Ní Bhraonáin…’'

  • Fiosrach

    Deir tú, a Mhaitiú,”Bíonn muid ag súil go mbeadh rud ar bith atá ar fáil i mBéarla ar fáil dúinn i nGaeilge.” Is maith sin agus tá an ceart ar fad agaibh. Agus ceist agam oraibhse in Tuairisc.ie: cén chaoi a n-éiríonn libhse agus sibh i mbun gnó na cuideachta i nGaeilge, m. sh. ag déaleáil leis na Coimisinéirí Ioncaim, BSL, Uisce Éireann, lónadóirí, an dream a bhailíonn an bruscar, etc.? An bhfuil dream ar bith nach mór do Tuairisc.ie déileáil leo i mBéarla?