Glórtha a plúchadh faoi bhrat sneachta na staire: scríbhneoireacht Mavis Gallant

Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bhí bua ar leith ag an scríbhneoir as Ceanada, Mavis Gallant, cur síos a dhéanamh ar shaolta nach ann dóibh a thuilleadh.

Glórtha a plúchadh faoi bhrat sneachta na staire: scríbhneoireacht Mavis Gallant

Tá tóir as cuimse ar bheirt bhanscríbhneoirí as Ceanada, Margaret Atwood agus Alice Munro – ach b’fhearr liom féin i bhfad scríbhneoir eile as an tír sin, Mavis Gallant.

Gearrscéal dá cuid á léamh amach os ard ar an New Yorker Fiction – ag Atwood – a mheall i dtreo a cuid scríbhneoireachta den chéad uair mé. Thabharfadh teideal an scéil sin, Voices Lost in Snow, leid duit faoin gcineál scríbhneora a bhí in Gallant: bailitheoir glórtha a bhí inti, glórtha a plúchadh faoi bhrat sneachta na staire. Is minic a cuid scéalta suite i saol éigin nach ann dó a thuilleadh:

The street where Dr. Chauchard lived […] is now a slum. No citizens’ committee can restore the natural elegance of those gray stone houses, the swept steps, the glittering windows, because, short of a miracle, it cannot resurrect the kind of upper-bourgeois French Canadians who used to live there. They have not migrated or moved westward in the city – they have ceased to exist.

Mar aon le cuid mhór scéalta eile ag Gallant, tá an scéal as ar baineadh an sliocht thuas, ‘The Doctor’, suite i gcathair dhátheangach Montréal na 1940idí, an chathair inar tháinig Gallant ar an saol. Éan corr a bhí in Gallant: le pobal Béarla na cathrach a bhain a muintir, ach trí mheán na Fraincise a oileadh í, ag am nuair nach raibh a leithéid faiseanta ná baol air. Bhí tuiscint ar leith ag Gallant ar an dá phobal, mar a léiríonn sí go paiteanta ina cuid scríbhneoireachta.

Ní ann do shaol Béarla Montréal, an saol as ar fáisceadh Gallant, a thuilleadh ach an oiread. Ó cuireadh dlí i bhfeidhm sa bhliain 1977 a d’fhág gurb í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil sa chathair, bhog mórchuid de phobal Béarla Montréal siar an bóthar, fás ollmhór ar chathair Toronto an toradh a bhí air sin.

Ach faoin am sin, bhí cónaí ar Mavis Gallant i bPáras le breis agus fiche bliain anuas. I bpríomhchathair na Fraince a scríobh sí na scéalta a chuireann síos ar Montréal a hóige – i mBéarla. Chloígh Gallant leis an teanga sin ar feadh na trí scór bliain a chaith sí sa Fhrainc, ag scríobh i mBéarla agus gan timpeall uirthi ach Fraincis. Ach ba dhíthreabhach í faoi dhó: rinneadh neamhaird ar a cuid scríbhneoireachta i gCeanada ar feadh na mblianta.

Go hidirnáisiúnta ach an oiread, ní bhfuair Gallant an t-aitheantas a fuair a comhthírigh Atwood agus Munro; íorónach go leor, tá sé sin ag athrú ó d’imigh sí ar shlí na fírinne sa bhliain 2014, i bPáras. An cumas cur síos a dhéanamh ar shaolta a cailleadh i sneachta na staire an bua ba mhó a bhain lena cuid ficsin, dar liom, ach a thiomanta is a bhí sí dá ceird an fáth go bhfuil meas ar leith agam uirthi mar scríbhneoir agus mar dhuine.

In agallamh le Canadian Fiction sa bhliain 1979, thug Gallant míniú ar a cinneadh deoraí a dhéanamh di féin. ‘I have arranged matters so that I would be free to write. It’s what I like doing.

Fág freagra ar 'Glórtha a plúchadh faoi bhrat sneachta na staire: scríbhneoireacht Mavis Gallant'

  • Éadóchasach

    Dá mbeadh an colún seo á scríobh ag Alex Hijmans do phobal na hÍsiltíre agus dá mbeadh sé le foilsiú ag suíomh nó páipéar de chuid na hÍsiltíre, an bhfágfadh sé na sleachta i mBéarla?

  • Pól Ó Braoin

    Tuigeann an saol is a mháthair mhór go bhfuil béarla ag gach éinne a labhrann an Ghaeilge agus nach mar an gcéanna é cás na hÍsiltíre… agus gur b’shin an fáth nach mbreathnófar ar an nGaeilge ach mar rud tánaisteach eicint nach bhfuil aon tábhacht léi i bhfírinne…