‘Glór míle páiste’ á lorg ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne

Tá áis mhór á tógáil ag foireann Abair le tamall de bhlianta anuas le go mbeifí in ann córais sintéise agus aitheanta cainte a chruthú don Ghaeilge

‘Glór míle páiste’ á lorg ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne

Beidh foireann Abair.ie, ó Choláiste na Tríonóide, sa tóir ar “ghlór míle páiste” ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo chugainn agus iad ag súil le feabhas mór a chur ar na seirbhísí aitheanta cainte atá forbartha acu.

Tá áis mhór á tógáil ag foireann Abair le tamall de bhlianta le go mbeifí in ann córais sintéise agus aitheanta cainte a chruthú don Ghaeilge. Anuraidh, bailíodh céad sampla de chainteoirí fásta Gaeilge ó cheann ceann na tíre ag Oireachtas na Samhna 2023. Beidh an fhoireann i lár an aonaigh arís i mbliana agus iad sa tóir seo ar dhaoine óga le cur leis an múnla.

“Níl go leor taifeadtaí againn de pháistí. Níl taifeadtaí mar seo déanta ag aon duine eile, de réir mar a thuigimid, agus tá sé deacair teacht ar thaifeadtaí de pháistí fiú sna meáin atá dírithe orthu. I gcás go leor de na glórtha atá ar fáil, ní páistí a bhíonn ann i ndáiríre ach daoine fásta ag ligean orthu gur páistí iad,” a dúirt an Dr Neasa Ní Chiaráin ó Abair.

Dúirt Ní Chiaráin go bhfuil súil acu suas le míle páiste a bhfuil Gaeilge acu “ó na ceantair Ghaeltachta go léir” a thaifeadadh le linn na féile an tseachtain seo chugainn. Beidh Abair lonnaithe i seomra in Óstán an Gleneagle i gCill Airne ó mhaidin Dé Céadaoin go tráthnóna Dé Sathairn agus córas coinní i bhfeidhm.

“Bhí spéis ag go leor daoine ann anuraidh ach an rud a tharla ná go raibh tréimhsí an-ghnóthach ann, róghnóthach i ndáiríre, agus ansin tréimhsí nuair nach raibh ach duine nó beirt ag teacht chuig an mbothán taifeadta. I mbliana beidh cód QR ann agus beifear in ann coinne a dhéanamh leis sin.

“Fuair muid 100 duine fásta ag an Oireachtas anuraidh, ach is é Míle Glór ainm an togra agus ba bhreá linn míle páiste a thaifeadadh idir Dé Céadaoin agus Dé Sathairn. Braithfidh sé ar leibhéal léitheoireachta na bpáistí agus ar an bhfonn a bheidh orthu páirt a ghlacadh ann,” a dúirt Ní Chiaráin.

Is dírithe ar áiseanna agus feidhmchláir oideachais atá foireann Abair leis an togra áitithe seo agus súil ach acmhainní a chur le chéile do dhaltaí a bhfuil fadhbanna rochtana acu agus fadhbanna eile a chuireann bac ar an bhfoghlaim.

“Chun áiseanna atá maith go leor a chur ar fáil agus a chur in oiriúint, caithfimid taifead a dhéanamh de pháistí. Tá an fhadhb chéanna ann i mBéarla leis na hacmhainní Béarla – níl an oiread céanna taifeadtaí d’fhíorpháistí a bhfuil an Béarla acu.

“Tá súil againn an méid taifeadtaí agus is féidir linn a fháil, ag an Oireachtas agus ina dhiaidh. Tá súil againn veain a fháil agus a bheith in ann tiomáint timpeall na Gaeltachta agus leanúint leis an taifeadadh sna blianta atá amach romhainn,” a dúirt sí.

Tá Abair ag obair le beirt óga ar leith i láthair na huaire agus súil acu áiseanna a chur ar fáil dóibh a chabhróidh leo ina saol acadúil agus ina saol laethúil. Mhínigh Ní Chiaráin gur fearr i bhfad oibriú mar sin agus áiseanna sainiúla a chur ar fáil do pháistí aonair, ach gur mór an chabhair a bheidh ann na céadta glór páistí a thaifeadadh le hacmhainní níos ginearálta a chruthú freisin.

Páistí atá in aois léitheoireachta a bheidh ag teastáil ó fhoireann Abair, ach dúirt Ní Chiaráin le Tuairisc go bhfuil fáilte roimh thuismitheoirí na míreanna scríofa a léamh os ard agus iarraidh ar a bpáistí iad a aithris mura bhfuil an léamh go rómhaith acu.

“Bheadh ar na páistí a bheith in ann léamh, nó bheadh ar a dtuismitheoirí a bheith sásta ‘léamh agus aithris’ a dhéanamh leo. Idir sé agus seacht mbliana an dream is óige, is dócha, a bheadh in ann na habairtí a léamh os ard.

“Ansin suas le seacht déag nó mar sin ar an taobh eile den scála, duine ar bith atá ar scoil – idir bhunscoil agus mheánscoil – ach go háirithe na páistí bunscoile. Tá sé níos fusa teacht ar ghuthanna atá níos aibí, ach déanfaimid taifead ar dhuine ar bith a thiocfaidh tríd an doras ag an Oireachtas!” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Glór míle páiste’ á lorg ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne'

  • Siobhán Uí Fhlatharta

    Bheadh m’ínion Síofra sásta é seo a dhéanamh. Beidh muid ag an Oireachtas Dé Céadaoin – Dé Sathairn