Uair amháin bhíodh Conamara breac le comharthaí Leaba agus Bricfeasta. Níor ghá don chuairteoir aon rud a chur in áirithe – bhíodh an oiread acu ann agus go mbeadh do rogha agat in aon bhaile ar do bhealach siar.
Ní hamhlaidh atá anois. Is cosúil go bhfuil go leor daoine éirithe as mar ghnó. Go dtí go bhfaca mé an agóid faoi thithíocht an tseachtain seo a d’imigh tharainn, ní mórán eolais a bhí agam faoi chúrsaí Airbnb ann. Ach ba léir ó na póstaeir eolais a crochadh thar oíche i gConamara, go bhfuil go leor áiteacha anois ag ligean seomraí ar cíos tríd an gcóras sin.
Bímse ag fanacht go minic i dteach a bhfuil traidisiún fada ‘leaba agus bricfeasta’ acu. Má éiríonn siad as an ngnó, is cinnte nach mbeidh a leithéid arís ann. Bíonn bean a’tí i gcónaí a rá gur ar éigean a dhéanfas sí séasúr eile turasóireachta.
Ach ansin tagann na glaonna ó na cuairteoirí bliantúla. Ni fhéadfaidh sí iad a eiteachtáil.
An tseachtain seo caite bhí bean ón nGearmáin aici, bean a thagann chuile bhliain. Feoilseachantóir í an bhean seo, ach chomh maith leis sin, ní fhéadfaidh sí aon rud le bainne nó déanta as bainne bó, a ithe ach oiread. Bhí an iógart gabhair agus an bainne speisialta min choirce, leagtha amach ar an mbord gach maidin san áit is dual di suí. Ní fhéadfaidh aon duine eile suí san áit sin ag an mbord.
‘Agus an dtugann sí an bia sin léi ón nGearmáin?’ a d’fhiafraigh mé féin de bhean a’tí.
‘Ó ní thugann sí,’ arsa sise. ‘Ceannaíonn mise di é sula dtagann sí chuile bhliain.’ Tar éis scaithimh tháinig bean na Gearmáine isteach tar éis a bheith ag siúl cois cladaigh. Bheadh sí réidh le dhul a’ snámh tar éis an bhricfeasta. Agus ansin siúlóid mhór fhada suas ar an bportach.
Tháinig lánúin eile isteach ina dhiaidh sin chun an bhricfeasta.
Bean ghealgháireach a raibh blas láidir oirthear na hEorpa ar a cuid cainte, agus fear ard tanaí ina teannta.
‘Agus cé as thú?’ a d’fhiafraigh bean eile, Éireannach a bhí léi féin.
‘Ó is as Éirinn mise,’ a dúirt an bhean ghealgháireach. ‘Is as Iarthar Chorcaí mé.’ Ar deireadh ghéill sí gur rugadh sa Laitvia í ach go raibh sí ina cónaí i gcontae Chorcaí le hos cionn 20 bliain. Ba léir go raibh sí thar a bheith sásta cúpla lá a chaitheamh sa cheantar. Dúirt sí gur thaitin an taobh tíre léi agus gur cheap sí go raibh muintir Chonamara thar a bheith cairdiúil agus gnaíúil.
D’iarr sí orainn comhghairdeas a dhéanamh lena fear céile – fear as an bhFrainc – a bhí ag ceiliúradh a lá breithe an lá sin. Níor fhéad mé ceist a chur faoina aois ach bheadh barúil agam go mbeadh sé amach sna seachtóidí b’fhéidir. Bhí seisean ag luí isteach ar a bhricfeasta mór friochta, agus é sin tuillte aige toisc go raibh sé tar éis seisiún rothaíochta a thug siar go Baile na hAbhann agus aniar arís é a dhéanamh sula raibh greim ite aige.
Nach maith a bhí a fhios aige gurb é sin an t-am ceart le dul amach ar an rothar ar an mbóthar áirithe sin. Ní mórán tráchta ar chor ar bith a bhíonn air luath ar maidin ach ná labhair liom faoi rothaithe ar an mbóthar sin amach sa lá. Agus is rothaí mise! Ni thabharfainn rothar amach ar an mbóthar sin idir an hocht a chlog ar maidin agus a hocht a chlog sa tráthnóna. Ach is léir go dtugtar comhairle do thurasóirí go mbeidh saoire bhreá ‘fholláin’ acu má dhéanann siad turas Chonamara ar rothar.
Ní raibh mórán le rá ag an mbean a bhí aisti féin. Ach tar éis beagáinín comhrá d’inis sí dúinn go raibh sí ag freastal ar Fhéile Ealaíon na Gaillimhe agus go raibh seó aonair leis an aisteoir Mikel Murfi curtha in áirithe aici.
Ba í féin a thug ábhar an Druid isteach sa chomhrá. Níor fhéad sí a chreidiúint go rabhadar 50 bliain ar an saol. ‘Bhí aithne mhaith agam ar Mhick Lally (RIP),’ a dúirt sí. D’inis sí dúinn gur oibrigh sí leis sa tsraith drámaíochta Glenroe in RTÉ. Bhí sí ar dhuine de mhuintir Conroy ar an gclár – dream a bhain leis an lucht siúil. ‘Ba dhuine de na cailíní óga mé,’ arsa sise.
Ach ní raibh muid réidh le saol na scannánaíochta fós. Bhí fear a’ tí ag cur caife ar an mbord dúinn. Sin an jab a bhíonn aigesean chuile mhaidin – an caife agus an tósta a thabhairt do na cuairteoirí.
Bhí sé tar éis cúpla lá a chaitheamh san ospidéal ag dul faoi thástálacha. Triúr a bhí sa bharda in éindí leis. Bhí fear amháin ina shaineolaí mór ar an stiúrthóir scannán, John Ford, arb as An Spidéal a athair.
Lig mo dhuine dhó coinneáil air ag caint faoi Ford, faoi The Battle of Midway, faoi Death Valley agus faoi The Quiet Man. Ar deireadh bhris an fhoighid ar fhear a’ tí.
‘Ba chol ceathrar é athair John Ford agus m’athair-se,’ a d’fhógair sé óna choirnéal sa bharda ospidéil. Bhain sé an anáil dá chomrádaí sa leaba eile. Agus thosaigh sé ag inseacht dhó faoi Ford, faoin gcaoi a ndearnadh an scannán agus iad ag fanacht i gCaisleán Cheapach Corcóige [Ashford], faoin Tiarna Cill Aithnín agus go leor eile. Agus ar ndóigh b’aisteoirí breise sa scannán iad a bheirt deirfiúr agus bhailigh carr mór chuile mhaidin iad ón teach le dul go dtí láthair am scannáin.
‘Níor airigh muid an lá ag imeacht,’ a dúirt fear a’tí agus é ag líonadh an chaife arís. Bhuel, sin bealach le lá fada a chur isteach san ospidéal.
Leath an dá shúil ar an mbean a raibh páirt an chailín siúil i Glenroe aici. Ní raibh a fhios aici go raibh sí ag fanacht i dteach a raibh ceangal acu le ré órga Hollywood.
Bhí muide ag fáil réidh le himeacht. Chuir bean a tí roinnt bunógaí isteach i mála beag plaisteach agus ghearr dhá shlis den cháca pórtair dúinn le go mbeadh greim againn ar an mbealach abhaile. Ní fhaigheann tú é sin in Airbnb!
Fág freagra ar 'Glenroe, John Ford agus cáca pórtair – ní bhfaighfeá in Airbnb é!'