Gléasanna glasála do charranna molta le dul i ngleic le tiománaithe ar meisce

Deir an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael Deirdre Clune gur cheart sampla tíortha eile a leanúint agus na gléasanna a chur i bhfearas i gcarranna athchiontóirí

Gléasanna glasála do charranna molta le dul i ngleic le tiománaithe ar meisce

Ba chóir gléasanna a chur i bhfearas i gcarranna athchiontóirí a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil chun stop a chur leo, dar leis an an bhFeisire Eorpach de chuid Fhine Gael Deirdre Clune.

Dúirt Clune, atá ina bhall de choiste iompair an AE, gur cheart na gléasanna comhghlasála a thabhairt isteach anseo i bhfianaise an rath a bhíonn orthu i dtíortha eile.

Fágann na gléasanna seo nach mbíonn ar chumas tiománaí a charr a thosú gan séideadh in anáileadán.

Dúirt Clune go bhfuil a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Fhrainc, sa Bheilg, sa tSualainn, san Ísiltír, sa Pholainn, san Fhionlainn agus sa Danmhairg agus mhol an Feisire Eorpach go leanfadh Éire sampla na dtíortha sin.

Léiríonn figiúirí nua a chuir an Garda Síochána amach gur tháinig ardú 34% ar líon na ndaoine a gabhadh le linn na Nollag as a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil.

Dúirt Clune go gcabhródh na gléasanna comhghlasála le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

“Dar leis an gComhairle Eorpach um Shábháilteacht Iompair, léiríonn staidéar i ndiaidh staidéir gur éirigh leis na gléasanna comhghlasála líon na n-athchionta i measc daoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil a laghdú. Tugadh le fios i staidéar amháin ón bhFionlainn, a foilsíodh in 2013 agus a bhí bunaithe ar thaighde ceithre bliana, go raibh ráta atitimeachais 6% ann nuair a tugadh isteach na gléasanna seo i gcomparáid le 30% roimhe sin,” a dúirt Deirdre Clune.

Dúirt an Feisire go léiríonn figiúirí anseo go bhfuil fadhb mhór ann maidir le daoine a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil arís agus arís eile agus gur chóir don Aire Iompair Shane Ross “féachaint go dáiríre” ar chóras na ngléasanna comhghlasála a thabhairt isteach.

“Cailleadh 187 duine ar na bóithre le linn 2016. Sin 25 duine níos mó ná mar a cailleadh le linn 2015. Ní féidir glacadh leis sin,” a dúirt Deirdre Clune.

Fág freagra ar 'Gléasanna glasála do charranna molta le dul i ngleic le tiománaithe ar meisce'