Glasgow Celtic agus CLG

Is i nGlaschú atá ceann den bheagán nasc oifigiúil atá idir Cumann Lúthchleas Gael agus an ‘Cluiche Gallda’

Jim McGuinness agus Liam O'Neill. ©INPHO/James Crombie

Ar choimhlint sacair na gomharsan Ceilteach i nGlaschú, ar chaill na hÉireannaigh aréir í, is mó a bhí trácht sna leathanaigh spóirt le os cionn seachtaine anois.

Ach suimiúil gur sa gcathair sin freisin atá ceann den bheagán nasc oifigiúil atá idir Cumann Lúthchleas Gael agus an ‘Cluiche Gallda’ – ceangal le ceann de na cumainn sacair is cáiliúla ar domhan, Glasgow Celtic.

Arú anuraidh i bPáirc an Chrócaigh, lainseáladh ‘Let’s go; Lead Through Sport’ campaí samhraidh do chailíní agus do bhuachaillí idir 12 – 16 bliain a fhaigheann oiliúint sa bPeil Ghaelach agus sa sacar ó chóitseálaithe de chuid CLG agus an FA.

Bunaidhm na scéime ógánaigh as cúlraí éagsúla spóirt agus cultúir a thabhairt le chéile, díreach mar atá ar siúl i dTuaisceart Éireann ag CLG, Ulster Rugby agus an IFA sa ‘Game of 3 Halves’ – an t-aon nasc oifigiúil eile idir CLG agus lucht riartha na gcluichí a bhí faoi thoirmeasc acu tráth, de réir m’eolais.

Fostaí de chuid Celtic, ar ndóigh, é iarbhainisteoir peile Dhún na nGall, Jim McGuinness agus bhí seisean, Cathaoirleach an chlub, mar aon le hUachtarán agus Ardstiúrthóir CLG, i láthair i bPáirc an Chrócaigh nuair a seoladh an scéim.

Sula raibh 2013 istigh, eagraíodh campaí ar an Lorgan, i mBaile Átha Cliath agus i mBaile an Mhóta i gCo. Shligigh, áit dhúcháis bhunaitheora Glasgow Celtic, an Bráthair Walfred, nó Andrew Kerins, mar a tugadh air agus é ina chónaí ar an mbaile sin.

I mbliana ba in Albain féin a bhí na campaí ar siúl, i nDrochaid a’ Chòta (Coatbridge) in Inbhir Chluiodh (Inverclyde) agus in áiteacha eile i dTuaisceart Lanarkshire.

Tá Coiste na hAlban den Chumann Lúthchleas Gael ag súil nach amháin go gcuideoidh siad leis an athmhuintearas, ach freisin go n-earcófar níos mó daoine óga isteach san eagraíocht, a bhfuil borradh mór tagtha faoi ag an leibhéal faoi aois le blianta beaga. I

mrítear Peil Ghaelach nó Iománaíocht anois i dtríocha Bunscoil agus i gceithre Ardscoil in Albain.

Ní mar sin a bhí i gconaí. Bhí Peil Ghaelach á himirt i nGlaschú ó thús an chéid seo caite ceart go leor, mar a bhí i mórán chuile chathair eile ar fud na cruinne inar chuir imircigh as an tír seo fúthu.

Is fíor, fiú, go raibh ceannáras dá gcuid féin, Páirc an Phiarsaigh, ceannaithe ag lucht an Chumainn Lúthchleas Gael i gCambuslang in oirdheisceart Ghlaschú chomh fada siar leis an mbliain 1953.

Ach faoin am a dtáinig Comóradh Céid CLG i 1984, ba bheag fuinneamh a bhí le brath san eagraíocht in Albain agus ba ag fleá ag comóradh na hócáide sin a shocraigh beirt Chonallach, Éamon Cullen agus Séamus Sweeney, agus beirt as Maigh Eo, Michael Moran agus an tAthair Éamon Sweeney, go gcaithfí tosaí as an nua agus nach amháin go ndíreofaí ar imircigh, mar a déanadh riamh, ach go ndéanfaí iarracht daoine óga de bhunú Éireannach agus a rugadh in Albain a mhealladh chun imeartha. Plean a bhí ann a d’oibrigh.

Inniu tá cúig chlub thar a bheith láidir in Albain agus foirne iomána, camógaíochta agus peil na mban ag a mbunáite, chomh maith le peil na bhfear.

Tá dhá chlub i nGlaschú, Cláirsigh Thír Chonaill agus Gaeil Ghlaschú agus i nDrochaid a’ Chòta atá Cumann Sands-McSwiney, an cumann is sine de na cúig cinn atá ann agus a ghlac áit chinn a raibh Pearse Harps air. Ar chósta thoir na hAlban atá an péire eile, Dalriada Dhún Dé, cé gur in Aberdeen a imríonn siad a gcuid cluichí anois agus Cumann Uí Chonghaile i nDún Éideann, a bhuaigh Craobh Shóisear Peile na Breataine i 2009, an    t-aon chlub Albannach a bhfuil sin déanta go fóill acu. Bhain foireann ban an chumainn sin Cluiche Ceannais na hÉireann amach an bhliain seo caite.

Níl aon dabht ach go gcuidíonn an borradh atá faoi na Cluichí Gaelacha in Ollscoileanna na Breataine le clubanna na hAlban, go háithrid le muintir Dhún Éideann.

Tá Craobhchomórtas Ollscoileanna na Breataine ar bun anois ó 1991 agus gaibhte i dtreise de réir mar a tháinig méadú ar an líon daoine óga de chuid na tíre seo a chuaigh ansiúd ar thóir an léinn. Inniu tá foirne peile – fir agus mná – i dtrí cinn déag de na 15 Ollscoil atá in Albain.

I mbliana bhuaigh foireann na tíre sin craobh shóisear idirchontae na Breataine den chéad uair riamh. Imreoirí as Dún Éideann ba mhó a bhí ar an bhfoireann agus scríobhadh leathanach nua i stair CLG nuair a himríodh Cluiche Leathcheannais na hÉireann i Granton Road sa gcathair sin i mí Lúnasa seo caite.

Bhuaigh an Cábhán ar Dhún Eideann sa gcluiche sin, ach níor laghdaigh sin a misneach. Tá feachtas ar bun anois go gceadófaí foireann de chuid na hAlban isteach i gCraobh Shinsear Peile Chonnacht, faoi mar a dhéantar le himircigh Londain agus Nua Eabhrac.

Fág freagra ar 'Glasgow Celtic agus CLG'