Glaoch ar ainmniúcháin do bhord ÚnaG ó McHugh – agus fáilte ar leith roimh mhná aige

Beidh fáilte ar leith roimh léirithe spéise ó mhná a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu, a deir McHugh

McHugh-0022
An tAire Stáit Joe McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh go bhfuiltear ag iarraidh a chlos ó dhaoine a mbeadh suim acu cur isteach ar an an bhfolúntas atá faoi láthair ann ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit:

“Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil mé ag cur tús leis an phróiseas ceapacháin chun an folúntas reatha ar bhord Údarás na Gaeltachta a líonadh i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta 2012. Tá mé ag súil go ndéanfaidh daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu iarratais faoin phróiseas um léiriú spéise.”

Thug an an tAire Stáit le fios “go bhfuil sé thar a bheith airdeallach” go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialtas gur mná a bheadh in ar a laghad 40% de chomhaltaí bhoird Stáit.

“Sa chomhthéacs seo, beidh fáilte ar leith roimh léirithe spéise ó mhná a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu le ceapadh chuig bord an Údaráis,” a dúirt an tAire Stáit.

Ní mór do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar líne ag www.stateboards.ie faoi mheánoíche ar an 27 Aibreán 2015.

Fág freagra ar 'Glaoch ar ainmniúcháin do bhord ÚnaG ó McHugh – agus fáilte ar leith roimh mhná aige'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá aithne pearsanta agam ar mhná lán cháilithe s chur isteach ar an iarratas deireannach ar léirithe spéise do bhórd an Údaráis. An taon fadhb nach de chúlra FG a raibh siad. Ní hhfuair siad fiú freagra. Cur I gcéill.