Glanmhéadú 80 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2016

Bhí 7,963 post sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite a raibh Údarás na Gaeltachta ag tacú leo, léiriú, a deir Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, ar ‘torthaí fiúntacha’ shaothar na heagraíochta fiontraíochta

Glanmhéadú 80 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2016

Glanmhéadú 80 post a bhí i gceist le linn 2016 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

559 post lánaimseartha a cruthaíodh anuraidh i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás, de réir Athbhreithniú 2016 na heagraíochta fiontraíochta.

Ba i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Chorcaí ba mhó a tháinig ardú anuraidh ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo. Bhí ardú fostaíochta i gceist chomh maith i nGaeltacht Dhún na nGall, mar a raibh glanmhéadú 23 post i gceist, agus i nGaeltacht Chiarraí mar a raibh glanmhéadú sé phost i gceist in 2016.

Glanlaghdú a bhí i gceist ar lion na bpostanna i gcomhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo i Maigh Eo (laghdú 25 post), i nGaeltacht na Mí (laghdú 28 post) agus i bPort Láirge (19 post).

Thacaigh an tÚdarás le 36 gnó nua sa Ghaeltacht le linn na bliana seo caite agus cuireadh 100 post ar fáil sna comhlachtaí sin.

Maítear leis in Athbhreithniú 2016 an Údaráis gur tháinig ardú 14.2%  idir 2014-2015 ar leibhéal brabúis na gcomhlachtaí a dtacaíonn an eagraíocht leo sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chontae na Gaillimhe, bhí beagnach 3,000 duine fostaithe go lán-aimseartha ag deireadh na bliana seo caite i gcomhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo, an líon is mó fostaíochta atá cruthaithe sa cheantar sin ag an eagraíocht ón mbliain 2000, dar leo.

252 post nua a cruthaíodh i nGaeltacht na Gaillimhe in 2016 agus b’ionann é sin agus glanmhéadú 62 post nuair a thugtar líon na bpostanna a cailleadh san áireamh.

Ag tacú le  2,090 post a bhí an tÚdarás i nGaeltacht Dhún na nGall ag deireadh 2016, méadú 23 post ó 2015.

Maitear gurb é seo an líon post is mó a chruthaigh an eagraíocht ó 2010 i nDún na nGall, an ceantar Gaeltachta ba mheasa a buaileadh ó thaobh na dífhostaíochta de le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Léiríonn an cineál fostaíochta atá á cruthú i nDún na nGall an t-athrú atá tagtha ar gheilleagar na Gaeltachta, a deirtear.

“Mar is léir anseo is in earnálacha an bhia agus dí, feistí leighis agus na mara is mó a bhí fás in 2016 agus is sna hearnálacha seirbhísí, teicstíle agus déantúsaíochta den chuid is mó a chonacthas titim,” a deirtear in Athbhreithniú 2016 an Údaráis.

Cruthaíodh 65 post nua  i gcomhlachtaí ar thacaigh an tÚdarás leo i nGaeltacht Chiarraí in 2016 agus ba sna hearnálacha bia agus dí, seirbhísí agus ceardaíochta a cruthaíodh na postanna sin don chuid is mó.  Bhí an tÚdarás ag tacú le  671 post lánaimseartha i nGaeltacht Chiarraí ag deireadh na bliana 2016, sé phost níos mó ná mar a bhí siad ag tacú leo ag deireadh na bliana 2015.

73 post nua a cruthaíodh i nGaeltacht Chorcaí in 2016, an ceantar Gaeltachta is lú inar cailleadh postanna anuraidh. Glanmhéadú 61 post a bhí i gceist i nGaeltacht Chorcaí agus an tÚdarás ag tacú le 675 post lánaimseartha sa cheantar sin.

Níor cruthaíodh ach dhá phost nua i nGaeltacht Phort Láirge le linn 2016 rud a d’fhág go raibh glanlaghdú 19 post i gceist.  Ba i réimsí na meán cumarsáide agus na mara is mó a bhí a cailleadh postanna i bPort Láírge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin go léiríonn na figiúirí do 2016 go bhfuil “torthaí fiúntacha” le feiceáil ar iarrachtaí an Údaráis agus go bhfuil an eagraíocht ag “sárú” a spriocanna fostaíochta “os cionn 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht go bliantúil”.

“Léiríonn rathúlacht an Údaráis an méid gur féidir a bhaint amach trí fheidhmiú polasaithe fostaíochta agus forbartha tuaithe ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil lena n-aghaidh,” a dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta.

Dúirt sé gur “ábhar dóchais” an “fás” atá ag teacht ar mhargaí na gcomhlachtaí a dtugann an tÚdarás tacaíocht dóibh sa Ghaeltacht.

“Tá ag éirí lenár straitéisí ardú i leibhéil easpórtála a bhaint amach dár gcliantchomhlachtaí le beagnach 70% den díolachán á easpórtáil anois. Caitheann cliantchomhlachtaí an Údaráis os cionn €425 milliún go díreach i ngeilleagar na hÉireann rud atá fíorshuntasach.

“Fáiltíonn muid i gcónaí roimh ghnóthaí nua, mór agus beag araon. Tá infheistíochtaí chaipitil shuntasach déanta againn arís i mbliana chun tacú le mórfhostóirí a bhfréamhacha a chur níos doimhne i bpobal na Gaeltachta agus a chuirfidh spásanna d’ardchaighdeán gnó ar fáil do chomhlachtaí nua. Cuirfidh a leithéid le bonn fiontraíochta láidir sna ceantair tuaithe Gaeltachta.”

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Seán Kyne, fáilte chomh maith roimh fhigiúirí na bliana 2016.

“Fáiltím roimh dea-fhigiúirí fostaíochta an Údaráis arís i mbliana agus is léiriú dearfach é ar an mian atá ag an Rialtas dlús a chur le forbairt agus fostaíocht sna réigiúin agus i gceantair tuaithe.

“Beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Tuaithe na hÉireann. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua go fóill le 36 comhlacht nua a dhul i mbun gnó i 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana,” a dúirt Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

Bhí 7,963 sa Ghaeltacht in 2016 ar thacaigh an tÚdarás leo, 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha.

Tugtar suntas in Athbhreithniú 2016 an Údaráis chomh maith don obair atá ar siúil anois ag an eagraíocht i dtaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, go mbeadh gach Limistéar Pleanála Teanga chomh maith le trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht “ag tabhairt faoi phleanáil teanga ag leibhéal an phobail roimh lár na bliana 2017”.

“Feicfear toradh dhúthracht na bpobal sin sa bhliain seo amach romhainn le foilsiú cuid mhaith pleananna teanga ó cheantair éagsúla. Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte chroíúil roimh an bPolasaí Oideachais Gaeltachta, a bheidh mar ghné ríthábhachtach den phleanáil teanga nuair a fheidhmítear é. Bheadh drochthionchar ag aon mhoill i bhfeidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta ar an bpróiseas pleanála teanga ina iomláine.”

“Tá dúshláin shuntasacha sáraithe ag cliantchomhlachtaí an Údaráis agus ag an Údarás féin le ceithre bliana anuas ó ghlac mé an ról mar Chathaoirleach ar an mBord. Tógáil croí don Bhord go bhfuil borradh ag teacht faoi chúrsaí fostaíochta i gceantair éagsúla Ghaeltachta arís agus cé go bhfuil obair chrua le déanamh fós, creidim gur féidir leanúint leis an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh, a fhágann a lorg ar chuile ghné do shaol na Gaeltachta, chomh fada agus go bhfaigheann an tÚdarás na hacmhainní cuí chun leanúint lena chuid oibre,” a dúirt Anna Ní Ghallachair.

Deirtear san Athbhreithniú freisin gur “cúis bhróid” don eagraíocht “an ról ceannaireachta” a bhí aici i mbunú Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh “i gcomhar le pobal Ros Muc”.