Glanmhéadú 219 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2019

Bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach contae seachas contae Chorcaí, mar ar fhan líon na bpostanna, 699, mar a chéile

Glanmhéadú 219 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2019

219 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2019 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna.

De réir Raiteas Deireadh Bliana 2019 na heagraíochta, a foilsíodh inniu, tháinig glanmhéadú 3% ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo i gcomparáid le 2018. Bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach contae seachas contae Chorcaí, mar ar fhan líon na bpostanna, 699, mar a chéile.

7,844 post lánaimseartha agus 374 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

De réir  an athbhreithnithe, ba é seo an líon is mó post a bhí i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis ó bhí 2008 ann. Deirtear go raibh níos mó daoine fostaithe anuraidh i gcomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh agus i bPort Láirge ná mar a bhí aon bhliain eile ó bunaíodh an eagraíocht Ghaeltachta daichead bliain ó shin.

I nGaeltacht na Gaillimhe atá an líon is mó post ann. Glanmhéadú de 112 post a bhí i gceist sa Ghaillimh in 2019 agus bhí 3,090 postar fad  lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh 2019.

2,326 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2019, glanmhéadú 48 post.

Ní raibh ach glanmhéadú sé phost i gceist in 2019 i gCiarraí, mar a raibh 695 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis. Cruthaíodh 53 post nua i nGaeltacht Chiarraí i 2019, i gcomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnáil an bhia agus na dí agus san earnáil turasóireachta den chuid is mó, ach cailleadh roinnt post  i gcomhlachtaí próiseála éisc agus i roinnt comhlachtaí beaga i réimse na déantúsaíochta agus na ceardaíochta agus san earnáil bia agus dí.

Glanmhéadú 18 post a bhí i gceist i Maigh Eo, mar a raibh 675 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana.

I nGaeltacht na Mí bhí glanmhéadú 32 post i gceist agus 210 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis.

Bhí 699 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2019, an líon céanna is a bhí ann ag deireadh 2018.

Bhí 149 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana, glanmhéadú ceithre phost.

In earnálacha na seirbhísí, bia agus dí agus na déantúsaíochta is mó a tháinig ardú ar líon na bpostanna in 2019.

1,500 post nua an sprioc i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020 agus 1,005 post nua atá cruthaithe cheana acu.

Údar sásaimh a bhí sna figiúirí nua do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh.

“Tá muid thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm straitéis Údarás na Gaeltachta le linn 2019. Tá fáilte ar leith againn roimh an méadú suntasach atá tagtha ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta agus an dul chun cinn atá déanta leis an bpróiseas Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta,” arsa Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair go raibh obair mhór á déanamh ag an eagraíocht go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta agus na pleanála teanga.

“Tá an líon is mó daoine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta le haon bhliain déag, agus tá an síol á chur chun tógáil air sin le gréasán mhoil dhigiteacha gteic, a chuireann an t-infreastruchtúr ar fáil don chéad ghlúin eile lena gcuid smaointe féin a fhorbairt mar ghnóthaí.

“Tá ocht gteic anois ar an fhód, ardú 50% ar an mhéid a bhí ar bun in 2018, agus tuilleadh ar an bhealach go luath in 2020.

“Tá forbairt mhór déanta le bliain anuas fosta ar an phleanáil teanga agus tionchar dearfach na hoibre sin le feiceáil anois ar fud na Gaeltachta. Chuir pobal na Gaeltachta obair mhór isteach in ullmhú pleananna dá gcuid ceantar féin agus tá toradh le feiceáil ar an obair sin anois, le grúpa fuinniúil, díograiseach d’Oifigigh Pleanála Teanga á bhfostú chun na pleananna sin a chur i gcrích,” arsa Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Glanmhéadú 219 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2019'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Tá fáilte ar leith againn roimh an méadú suntasach atá tagtha ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta agus an dul chun cinn atá déanta leis an bpróiseas Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta.’

    Méadú cinnte ar líon na bpostanna atá á chruthú sa Ghaeltacht – ach cá mhéad fostaí a bhfuil cumas labhairt agus scríobh na Gaeilge acu? Cá mhéad fostaí a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht?

    An cuma leis an tÚdarás fan Ghaeilg nuair a bhíonn comhlachtaí á mheallú chun na Gaeltachta? An mbíonn coinníoll Gaeilge leis an mhaoiniú a chuirtear ar fáil agus an mbíonn aon mhonatóireacht a dhéanamh ar chuir chun cinn na Gaeilge sa láthair fostaíochta? Nár cheart comharthaíocht i nGaeilg amháin bheith ag ‘cliantchomhlachtaí’ sa Ghaeltacht? An mbíonn suíomh gréasáin acu agus Gaeilg air? – níos mó Gaeilg ná teanga ar bith eile?

    An bhfuil ionadaithe ag tabhairt cuairt ar bhunscoltacha agus ar mheánscoltacha Gaeltachta agus lán-Ghaeilge le páistí agus daoine óga a chuir ar an eolas fan Gheltachta agus fan tÚdarás agus iad a mhealladh le slí beatha a bhaint amach sa Ghaeltacht – LE GAEILGE?

    An bhfuil sé maith go leor ag rannóg amháin den tÚdarás dhul i gcomhráití le comhlachtaí nach bhfuil meas ar bith acu ar an Ghaeilg ná ar an Ghaeltacht go fadthéarmach, ach amháin le hairgead a shaothrú, agus rannóg eile den tÚdarás ag plé le buanú agus caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht nó, de réir tuairiscí, tá géarchéim leis an Ghaeilg sa Ghaeltacht anois??

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOID!!!!