Glanmhéadú 155 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017 agus 66% de na poist sin i nDún na Gall

De réir Athbhreithniú 2017 Údarás na Gaeltachta bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i ngach ceantar Gaeltachta in 2017, an chéad uair ar tharla a leithéid ó 1996

Glanmhéadú 155 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017 agus 66% de na poist sin i nDún na Gall

155 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2017 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna.

Bhain dhá thrian de na postanna sin le Gaeltacht Dhún na nGall, mar a raibh glanmhéadú 103 post i gceist in 2017, agus ní raibh ach glanmhéadú aon phost amháin i nGaeltacht na Gaillimhe. Cailleadh 210 post i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás sa Ghaillimh in 2017 agus cruthaíodh 211 post le linn na bliana sin.

De réir Athbhreithniú 2017 Údarás na Gaeltachta a foilsíodh ar maidin cruthaíodh 630 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017 agus bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, an chéad uair ar tharla a leithéid ó 1996.

7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana.

Arduithe beaga a bhí i gceist i ngach ceantar Gaeltachta seachas Gaeltacht Dhún na nGall mar a raibh glanmhéadú 103 post ann.

In 2017 chruthaigh an tÚdarás 243 post nua i nGaeltacht Dhún na nGall agus bhí 2,193 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na Gall ag deireadh na bliana, an líon is airde post ó 2009.

Nuair a chuirtear an 2010 post a cailleadh i nGaeltacht na Gaillimhe in 2017 san áireamh, glanmhéadú de phost amháin a bhí sa chontae ón mbliain roimhe sin.

Glanmhéadú de 17 post san a bhí i gceist i nGaeltacht Chiarraí in 2017, mar a raibh 688 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

Glanmhéadú de naoi bpost a bhí i gceist i gCorcaigh agus glanmhéadú de naoi bpost a bhí i gceist i nGaeltacht Phort Láirge chomh maith.

219 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht na Mí ag deireadh na bliana. 8 bpost nua a cruthaíodh i nGaeltacht na Mí i rith 2017 agus glanmhéadú d’ocht bpost a bhí i gceist toisc nár cailleadh aon phost i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa chontae sin anuraidh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, gur údar sásaimh agus misnigh na figiúirí nua.

“Tá muid thar a bheith sásta leis an leibhéal post a cruthaíodh i mbliana i gcomhthéacs ár n-acmhainní reatha agus gur éirigh linn an glanmhéadú post a bhí againn mórán a dhúbailt ó anuraidh. Is mór an t-ugach dúinn é go bhfuil rath ar ár straitéis forbartha agus ár spriocanna fostaíochta á sárú againn,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte chomh maith roimh na figiúirí fostaíochta.

“Is scéal an-dearfach don Ghaeltacht na torthaí atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu. Díol suntais agus dóchais é go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach le sonrú sna torthaí agus go bhfuil borradh le sonrú ann – le 25 comhlacht nua tar éis dul i mbun gnó le cúnamh an Údaráis in 2017 agus 57 post cruthaithe dá réir.

“Le ceapadh bhord nua an Údaráis le gairid táim cinnte go mbeidh gach iarracht ar bun chun go leanfar leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Údarás i gcaitheamh an ama mar a bhaineann sé leis an gclár oibre atá idir lámha acu,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair gur “cúis dóchais agus spreagadh dúinn ar fad an dúthracht atá caite ag pobail na Gaeltachta le réiteach pleananna teanga dá gceantar”.

“Is in 2018 a shroichfear an chéim is dúshlánaí den phróiseas, is é sin feidhmiú na bpleananna in sna pobail agus ag cur dlús le céimeanna a chuideoidh lena chinntiú gurb í an Ghaeilge a bheidh mar ghnáththeanga phobail ar fud na Gaeltachta sna blianta atá amach romhainn,” a dúirt Anna Ní Ghallachair.