Glanmhéadú 150 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta, laghdú sa Ghaillimh

8,235 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh 2022, méadú 2%

Glanmhéadú 150 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta, laghdú sa Ghaillimh

Glanmhéadú 151 post a bhí i gceist in 2022 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Glanlaghdú beag a bhí i gceist in dhá cheantar Gaeltachta – Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Chorcaí.

Glanlaghdú 51 post a bhí i gceist sa Ghaillimh anuraidh, de réir Ráiteas Deireadh Bliana 2022 a foilsíodh ar maidin.

3,222 post, lánaimseartha agus páirtaimseartha, a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh ag deireadh na bliana seo caite, laghdú thart ar 1.5%.

Deirtear gur dúnadh roinnt mórchomhlachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe ba chúis leis an laghdú.

Bhí ráta fostaíochta níos airde ná riamh i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh in 2021.

2,426 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2022, glanmhéadú 57  post ó 2021. B’ionann sin agus méadú 2.3%.

Glanmhéadú 83 post a bhí i gceist i gCiarraí, mar a raibh 755 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2022. B’ionann sin agus ardú 12.4%, an t-ardú is mó ó thaobh céatadáin de in aon cheantar Gaeltachta.

8,235 post, a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2022, ardú thart ar 2%.

Tá cur chuige nua á úsáid ag an Údarás i Ráiteas Deireadh Bliana 2022. Roimhe seo dhéantaí postanna a rangú mar phostanna lánaimseartha, páirtaimseartha agus séasúracha, ach lánaimseartha agus eile atá i gceist i mbliana.

Deirtear gur treoir ón Roinn Fiontraíochta is cúis leis an athrú seo sa chur chuige ó thaobh na bhfigiúirí fostaíochta.

Tá athshonrú déanta ar fhigiúirí fostaíochta 2021 ionas gur féidir comparáid chruinn a dhéanamh,  a deir an tÚdarás.

745 post lánaimseartha agus páirtaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo ag deireadh na bliana 2022, glanmhéadú 44 post. B’ionann sin agus méadú 6.2%,

I nGaeltacht na Mí bhí 213 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

695 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2022, glanlaghdú 16 post, de réir na bhfigiúirí nua.

Bhí 177 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana 2022, glanmhéadú 21 post.

Mhaígh an tÚdarás gur léirigh na figiúirí nua seasmhacht ó thaobh na fostaíochta sa Ghaeltacht tráth a bhfuil “deacrachtaí” éagsúla ann.

“Tar éis dheacrachtaí na paindéime Covid-19, bhí dúshláin eacnamaíochta le sárú ag comhlachtaí le linn 2022, go príomha i dtaobh arduithe ar chostais, costais fuinnimh go háirithe, agus timpeallacht leochaileach trádála go hidirnáisiúnta de bharr na corraíola geopholaitíochta.

“Is léir go mbeidh cuid de na dúshláin sin fós linn in 2023. Ach tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht, atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí.”

Dúradh go raibh dul chun cinn á dhéanamh chomh maith ó thaobh na poleanála teanga.

Faoi dheireadh na bliana 2022 bhí pleananna teanga á gcur i bhfeidhm i 24 den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus in dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG). Beidh tús á chur go luath, a dúradh, le feidhmiú na bpleananna teanga sa dá Limistéar Pleanála Teanga eile – An tEachréidh agus Bearna agus Cnoc na Cathrach.

Dúradh go raibh 430 duine ag obair ag deireadh 2022 i 27 mol digiteach sa Ghaeltacht.

Maíodh go raibh “dul chun cinn suntasach” á dhéanamh maidir leis an bplean ‘An Ghaeltacht Ghlas’.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin gur léirigh Ráiteas Deireadh Bliana an Údaráis go raibh “obair leanúnach” ar bun ar fhorbairt na fiontraíochta, agus go raibh “an obair forbartha trí chéile” dírithe “ar bhuanú agus daingniú na teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht”.

“Tá an timpeallacht thart orainn de shíor ag athrú, athrú aeráide, tionchar na teicneolaíochta agus athruithe eile nach iad ag cruthú dúshlán agus deiseanna araon do phobal na Gaeltachta agus don teanga a labhrann siad,“ arsa Tomás Ó Síocháin.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta gur cúis dóchais” na figiúirí fostaíochta nua.

“Is léir go bhfuil seasmhacht i bhfostaíocht na Gaeltachta, tráth a bhfuilimid ag tabhairt aghaidh ar thréimhse chorraitheach eacnamúil go hidirnáisiúnta. Tá dul chun cinn le brath in earnálacha leighis agus innealtóireachta ina bhfuil poist ar ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeltachta.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair gur “díol mórtais” don Bhord “dua agus díograis na n-oifigeach pleanála teanga agus na n-oifigeach cúnta pleanála teanga agus iad i mbun a gcuid cúramaí.”

“Tá lorg dearfach a gcuid oibre le feiceáil ar fud na Gaeltachta. Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh an obair thaighde atá ar siúl againn ar úsáid na Gaeilge i measc spriocghrúpaí tábhachtacha ar nós cliantchomhlachtaí agus an earnáil fáilteachais agus miondíola, ina chuidiú agus ina thacaíocht dóibh in 2023 agus sna blianta ina dhiaidh sin.”

Chuir Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Patrick O’Donovan, Aire Stáit nua na Gaeltachta fáilte roimh fhoilsiú an ráitis chomh maith.

Fág freagra ar 'Glanmhéadú 150 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta, laghdú sa Ghaillimh'