Glanmhéadú 122 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2018

Ag deireadh an bliana seo caite bhí 7,625 post lánaimseartha sna comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta

Glanmhéadú 122 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2018

122 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2018 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna.

De réir na tuarascála Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2018, a foilsíodh inniu bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach contae seachas contae na Mí, mar a raibh laghdú 41 post. Ní raibh i gceist i gCiarraí ach glanmhéadú post amháin.

7,625 post lánaimseartha agus 582 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. De réir  an athbhreithnithe, ba é seo an líon is mó post a bhí i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis ó bhí 2008 ann.

Chuir 14% de chliantchomhlachtaí  an Údaráis poist bhreise ar fáil in 2018 agus d’fhan an leibhéal fostaíochta mar a chéile i 75% de na comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht fiontraíochta Gaeilge. In 2018 bunaíodh 30 gnó nua sa Ghaeltacht a raibh tacaíocht acu ón Údarás agus 76 duine a bhí fostaithe sna gnóthaí sin ag deireadh na bliana seo caite.

Deirtear gur i réimsí na déantúsaíochta traidisiúnta agus táirgí leighis, chomh maith le hearnáil na teilifíse is mó a bhí na comhlachtaí nua ag feidhmiú.

De réir an athbhreithnithe, ba é 2018 an bhliain is lú riamh ar cailleadh poist i nGaeltacht Dhún na nGall agus tháinig méadú 4% ar an bhfostaíocht sa chontae sin in 2018.

Glanmhéadú 85 post a bhí i gceist i gcás Ghaeltacht Dhún na nGall in 2018 rud a d’fhág go raibh 2,278 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa chontae sin ag deireadh na bliana. De réir na tuarascála ba é sin an líon is airde fostaíochta i nDún na nGall ó 2008.

Is sa Ghaillimh, mar a raibh glanmhéadú 45 post, a cruthaíodh 40% de na postanna go léir a chruthaigh Údarás na Gaeltachta in 2018.

2,978 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis sa Ghaillimh ag deireadh 2018. De réir na tuarascála ba é sin an leibhéal is airde fostaíochta sa chontae ón mbliain 2000.

689 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i gCiarraí ag deireadh na bliana 2018, i gcomparáid le 688 post ag deireadh 2017. Cruthaíodh 56 post nua i nGaeltacht Chiarraí in 2018 ach cailleadh poist i gcomhlachtaí próiseála éisc agus i gcomhlachtaí beaga i réimse na ceardaíochta agus an bhia agus na dí i rith na bliana, rud a d’fhág nach raibh ann ach glanmhéadú post amháin.

Glanlaghdú 41 post a bhí i gceist i nGaeltacht na Mí in 2018. Cailleadh 44 post in Faughan Foods i Ráth Chairn in 2018 ach de réir athbhreithniú seo an Údaráis tá an comhlacht sin ag súil le cur lena chuid fostaíochta nuair a bheidh obair athchóirithe agus athruithe gnó curtha i gcrích.

Cruthaíodh 45 post nua i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás i nGaeltacht Chorcaí in 2018 agus glanmhéadú 15 bpost a bhí i gceist ansin. 

Cruthaíodh naoi bpost nua i gclianchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge anuraidh, glanmhéadú ocht bpost i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

657 post a bhí i gclianchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Mhaigh Eo, glanmhéadú naoi bpost.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go raibh níos mó daoine fostaithe ag cliantchomhlachtaí na heagraíochta ná mar bhí le deich mbliana anuas. Mar sin féin chaithfí a bheith “fíoraireach” maidir leis an “mbliain chorrach eacnamaíoch  atá romhainn”. Dúirt an Príómhfheidhmeannach go raibh dóchas aige, áfach, go bhfuil “na straitéisí cuí” ag an eagraíocht chun tacú le gnóthaí “dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu” .

“Tá fáilte ar leith le cur roimh arduithe inár mbuiséad caipitil agus roimh chistí seachtracha eile atá fógartha agus a thabharfaidh deis iontach dúinn tús fíordhearfach a chur le 2019 agus borradh a chur faoi chur i bhfeidhm ár straitéise,” arsa Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh.

Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach do thodhchaí inmharthana na Gaeltachta” go ndéanfaí an fhiontraíocht agus an teanga a chur chun cinn le chéile

“Is dúshlán suntasach feidhmiúcháin ann féin é seo a bhaint amach ach tá údar dóchais sa dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas. Díol dóchais agus suntais eile atá sa mhéid comhlachtaí ardacmhainne ar thacaigh muid leo i mbliana agus is ábhar misnigh ceapadh na gcéad Oifigigh Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta.”

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair go raibh méadú tagtha ar líon na bpost i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht gach bliain le sé bliana anuas agus go raibh “cloch mhíle shuntasach” bainte amach ó thaobh na pleanála teanga de chomh maith.

“A bhuíochas den dúthracht a chaith na pobail Ghaeltachta le réiteach na bpleananna, beidh tairbhe agus sásamh le baint anois as a bhfeidhmiú.

“Is é seo an tús i ndáiríre le feachtas buanaithe na teanga sa Ghaeltacht agus cuireann muid fáilte roimh an soláthar maoinithe a bheidh ar fáil ag na pobail chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm. Deis iontach atá anseo do phobail Ghaeltachta infheistíocht dhíreach a fháil agus aird a tharraingt ar chúrsaí teanga in achan cheantar.”

Dúirt an Cathaoirleach go raibh “spreagadh agus beocht ar leith” leis na hionaid nuálaíochta agus na moil dhigiteacha gteic atá á bhforbairt ag an Údarás sa Ghaeltacht.

“Is mór an spéis atá á léiriú go háitiúil agus go náisiúnta iontu agus tabharfaidh siad solúbthacht níos mó don Údarás tacú le comhlachtaí nuálacha atá ag tosú amach nó atá ag iarraidh préamhacha níos doimhne a chur i dtalamh.

“Tá fáilte mhór le cur roimh acmhainní breise atá faighte chun an éiceachóras teicneolaíochta seo a chothú agus deis a thabhairt dúinn diaspóra na Gaeltachta a mhealladh ar ais chuig a gceantracha féin.”

Fág freagra ar 'Glanmhéadú 122 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2018'