‘Glan suas é, a choileáin shalaigh!’- feachtas dátheangach nua seolta i nGaillimh

Beidh cacanna madraí á bpéinteáil buí i gcathair na Gaillimhe mar chuid d’fheachtas dátheangach nua atá seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

‘Glan suas é, a choileáin shalaigh!’- feachtas dátheangach nua seolta i nGaillimh

Beidh cacanna madraí á bpéinteáil buí i gcathair na Gaillimhe mar chuid d’fheachtas nua atá seolta go dátheangach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

‘Glan suas é, a choileáin shalaigh’ is teideal don fheachtas, a bhfuil mar aidhm leis úinéirí  madraí ‘mífhreagracha’ a spreagadh le salachar a gcuid madraí a ghlanadh suas.

Beidh oibrithe deonacha, lucht cónaithe na cathrach agus daoine ó na grúpaí Bailte Slachtmhara páirteach san iarracht agus salachar madraí nár piocadh suas á spraeáil buí acu.

Déanfar ‘Glan suas é, a choileáin shalaigh’ agus ‘Clean it up, you dirty pup’ a stionsaláil ar chosáin i mbreis agus 70 áit timpeall na cathrach chun aird a dhíriú ar an fheachtas.

Péint shealadach a bheas in úsáid don fheachtas, agus glanfaidh an fhearthainn í i ndiaidh cúpla seachtain.

Deirtear chomh maith go mbeidh maoirseoirí ar patról níos minice sna háiteanna is mó ina mbíonn fadhb maidir le salachar madraí.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh nua, dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, go raibh sé ag súil go dtacódh úinéirí madraí leis an fheachtas agus go dtiocfadh laghdú ar an salachar madraí sa chathair.

“Bealach iontach a bhí ag daoine chun aclaíocht a dhéanamh amuigh faoin aer le bliain anuas a bheith ag siúlóid lena gcuid madraí agus is fiú go mór leanúint leis sin. Ach ar an drochuair, tá méadú ar an salú atá madraí a dhéanamh ar shráideanna na cathrach mar thoradh air seo agus is féidir leis sin an taithí amuigh faoin aer a mhilleadh ar gach duine,” a dúirt Tiarnan McCusker.

Tá póstaeir, físeáin ‘dea-chleachtais’ d’úinéirí madraí agus ábhar bolscaireachta eile curtha amach i nGaeilge agus i mBéarla ag an Chomhairle Cathrach dá bhfeachtas in aghaidh cacanna madraí ar an tsráid.

Tá spreagadh á thabhairt d’úinéirí madraí pictiúir a thógáil den dea-chleachtas agus iad ag glanadh suas i ndiaidh a gcuid gadhar. Iarrtar ar dhaoine na pictiúir sin a sheoladh chuig environment@galwaycity.ie chun deis a bheith acu dearbhán €20 a bhuachan gach mí as seo go deireadh na bliana.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar úinéirí madraí faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 salachar a gcuid peataí a ghlanadh suas má dhéanann siad áiteanna poiblí a thruailliú. Dlitear fíneáil €150 ar an láthair a chur ar dhuine nach nglanann salachar a mhadra. D’fhéadfaí  suas le €3,000 a ghearradh sa chúirt má ionchúisítear duine as neamhíoc na fíneála.

Fág freagra ar '‘Glan suas é, a choileáin shalaigh!’- feachtas dátheangach nua seolta i nGaillimh'

  • Seán ÓM

    Tá ana-chosúlacht ann idir amhrán an chac madaí agus na hUmpa-Lumpas as Charlie agus an Monarcha Seacláide …. tune go deo!