Glactha le hachomharc na hÉireann maidir le bille cánach €13.1 billiún Apple

Cinneadh inniu nár thug Éire tacaíocht mhídhleathach stáit d’Apple ach is dóigh go gcuirfear an cás faoi bhráid na cúirte is airde san AE anois

Glactha le hachomharc na hÉireann maidir le bille cánach €13.1 billiún Apple

D’éirigh le hachomharc na hÉireann agus Apple maidir le rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh go gcaithfí €13.1 billiún a lorg ón ollchomhlacht in aisíocaíocht chánach.

Meastar go ndéanfar achomharc eile faoin gcinneadh a rinne Cúirt Ghinearálta an AE nár thug Éire tacaíocht mhídhleathach d’Apple. Is dóigh go gcuirfear an cás faoi bhráid Chúirt Bhreithniúnais an Aontais Eorpaigh, an chúirt is airde san AE.

Rialaigh an Coimisiún in 2016 go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.

Shocraigh an Rialtas go ndéanfaí achomharc maidir leis an rialú sin.

Bhí caidreamh Apple le hÉirinn maidir le cúrsaí cánach á fhiosrú ag an gCoimisiún ó Mheán Fómhair 2014, agus scagadh déanta, go háirithe, acu ar mhargaí a rinneadh i 1991 agus 2007.

Mhaígh an Coimisiún gur sárú a bhí sna margaí cánach sin ar rialacha an Aontais Eorpaigh. De réir fiosrúchán a rinne Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2013, is ar éigean a d’íoc Apple aon cháin ar $74 billiún thar thréimhse ceithre bliana.

Ba é rialú 2016 an rialú cánach is mó atá déanta ag an Aontas Eorpach maidir le haon chomhlacht amháin.

Fág freagra ar 'Glactha le hachomharc na hÉireann maidir le bille cánach €13.1 billiún Apple'