Glactha in Westminster le margadh Breatimeachta Johnson ach diúltaithe dá chlár ama

Cé gur éirigh le Boris Johnson dóthain tacaíochta a mhealladh sa pharlaimint tráthnóna dá mhargadh Breatimeachta, tugadh an t-eiteach dá chlár ama, rud a fhágann gur ar éigean go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE faoi cheann naoi lá

Glactha in Westminster le margadh Breatimeachta Johnson ach diúltaithe dá chlár ama

Trí bliana i ndiaidh an reifrinn Bhreatimeachta tá glactha den chéad uair ag móramh d’fheisirí parlaiminte in Westminster le margadh Breatimeachta, ach dea-scéal dóite a bhí ansin do Boris Johnson nuair a diúltaíodh dá chlár ama imeachta.

329 feisire a vótáil ar son bhille Breatimeachta Boris Johnson agus 299 duine a vótáil ina choinne, ach go gairid ina dhiaidh sin tráthnóna, vótáil móramh i gcoinne chlár ama an Phríomh-Aire.

322 duine a vótáil i gcoinne chlár ama Boris Johnson, a bhí ag iarraidh an Breatimeacht a bhrú tríd an bparlaimint faoi Dhéardaoin na seachtaine seo, agus 308 duine a bhí ar son an chláir ama.

Mar sin cé gur éirigh le Boris Johnson dóthain tacaíochta a mhealladh sa pharlaimint tráthnóna dá mhargadh Breatimeachta, tugadh an t-eiteach dá chlár ama.

Dúirt Johnson i ndiaidh vótaí cinniúnacha na hoíche anocht go raibh an reachtaíocht Bhreatimeachta “á chur ar sos” aige fad is a bheifí ag fanacht ar fhreagra an AE ar “iarratas na parlaiminte” ar shíneadh ama.

Fágann an vóta ar son bhille Johnson gur éirigh leis dul níos faide ar bhóthar an Bhreatimeachta ná a réamhtheachtaí Theresa May, ar diúltaíodh dá margadh siúd trí bhabhta sa pharlaimint.

Léiriú tacaíochta i bprionsabal a bhí sa chéad vóta anocht don mhargadh a d’aontaigh Johnson leis an AE, ach  buille mór dó gur diúltaíodh dá chlár ama Breatimeachta.

Tá sé ráite go mion minic cheana aige go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh, ach caolseans go dtarlóidh sin anois agus gan ach naoi lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine cheana go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur leis an mBreatimeacht.

Bhí fonn ar Johnson an reachtaíocht go léir a bhaineann leis an mBreatimeacht a chur tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo ach bhí go leor de na feisirí a thacaigh lena bhille den tuairim gur cheart tuilleadh ama a chur ar leataobh chun an reachtaíocht a phlé. Ina measc siúd a chinntigh nach n-éireodh leis an rún i dtaobh an chláir ama, bhí feisirí an DUP.

Cuireadh iachall ar Johnson cheana síneadh ama a lorg ón AE, rud a dúirt sé nach ndéanfadh sé go deo, nuair a theip air a mhargadh a chur tríd an bparlaimint Dé Sathairn.

Dhá vóta cinniúnach a bhí ann in Westminster tráthnóna, ceann faoin mbille a thabharfadh feidhm dlí don mhargadh a rinneadh leis an AE an tseachtain seo caite agus an ceann faoin gclár ama a raibh faoi an reachtaíocht go léir a bhrú tríd faoi an tseachtain seo.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk níos túisce inniu go mbeadh toradh an phlé maidir le síneadh ama eile a cheadú ag brath go mór ar imeachtaí an lae inniu in Westminster.

“Ba chóir dúinn a bheith ullamh do chás ar bith. Ach ní mór a bheith soiléir faoi rud amháin, faoi mar a dúirt mé le Boris Johnson Dé Sathairn, ní sinne a roghnóidh an Breatimeacht gan mhargadh go deo,” arsa Tusk.

 

Fág freagra ar 'Glactha in Westminster le margadh Breatimeachta Johnson ach diúltaithe dá chlár ama'