Glactha ag Coiste Rialtais le moltaí chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Cuirfear ceannteidil an bhille, a dhréachtaigh oifigigh i Roinn na Gaeltachta, faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn

Glactha ag Coiste Rialtais le moltaí chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Ghlac Coiste Rialtais na Gaeilge inniu le ceannteidil an Bhille nua chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, moltaí a chuirfeadh deireadh le córas na scéimeanna teanga agus a chuirfeadh córas nua ar bun maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne le Tuairisc.ie tráthnóna gur ghlac an Taoiseach ag an gcruinniú go raibh fadhb ann maidir le hearcú daoine le Gaeilge agus dúirt an tAire Kyne go dtabharfar aghaidh ar cheist na Gaeilge sa chóras earcaíochta don státseirbhís “mar chuid den reachtaíocht nua féin”.

Dúirt sé nach raibh “aon fhadhb” ag an Taoiseach le haon cheann de na leasuithe a mholtar sa dréachtreachtaíocht, agus gur glacadh leo ar fad ag an gcruinniú.

Bhí an Taoiseach Enda Kenny, an tAire Oideachais Richard Bruton, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne i láthair ag an gcruinniú tráthnóna ag ar glacadh leis an dréachtreachtaíocht.

Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar choiste Gaeilge an Rialtais, an coiste is sinsearaí sa stát atá ag plé le cúrsaí Gaeilge.

Cuirfear ceannteidil an bhille, a dhréachtaigh oifigigh i Roinn na Gaeltachta, faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn agus má ghlactar leo ag an gcruinniú sin déanfar plé ansin orthu ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le bheith i láthair ag an gcruinniú Rialtais an tseachtain seo chugainn.

Tá Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile ar spéis leo cearta teanga ag súil go mbeidh an Bille nua i bhfad níos láidre ná an dréachtreachtaíocht teanga a foilsíodh sa bhliain 2014 ach ar caitheadh i dtraipisí í nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur beag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie tráthnóna gur “céim chun tosaigh eile” a bhí sa scéal go mbeadh na moltaí ag dul ar aghaidh go dtí an Rialtas an tseachtain seo chugainn agus dúirt sé go raibh an Conradh ag súil leis an bplé a dhéanfar ar an reachtaíocht nua ag céim an choiste ina dhiaidh sin.

Féachfar ar an gcinneadh deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga, atá in aimhréidh le blianta, mar chéim mhór chun tosaigh, ach ní fios go fóill cérbh iad na moltaí eile de chuid an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge a bhfuil glactha leo.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne an tseachtain seo go dtabharfar aghaidh sa dréachtreachtaíocht ar cheist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse, córas a bhfuil ag teip glan air dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí polasaí nua earcaíochta isteach a dhéanfadh athchothromú ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a dheimhneodh go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal.

De réir na moltaí reachtaíochta a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge bheadh Gaeilge ag ar a laghad 20% d’fhostaithe nua sa státseirbhís amach anseo, agus cé go meastar go mbeidh foráil faoi chúrsaí earcaíochta sa Bhille nua, ráineodh nach mbeadh sí chomh láidir sin.

Fág freagra ar 'Glactha ag Coiste Rialtais le moltaí chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga'