Glactha ag an tríú comhairle ceantair le polasaí nua faoi chomharthaí sráide dátheangacha

Vótáil comhairleoirí Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí ar son polasaí a dhéanfaidh níos éasca é comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde

Glactha ag an tríú comhairle ceantair le polasaí nua faoi chomharthaí sráide dátheangacha

Tá cinneadh déanta ag an tríú comhairle ceantair i dTuaisceart Éireann glacadh le polasaí a fhágann go mbeidh sé níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde.

Vótáil comhairleoirí Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí ar son an pholasaí an tseachtain seo. 

Toradh an chinnidh sin nach gá ach 15% de na daoine atá ina gcónaí ar shráid a bheith i bhfabhar comhartha dátheangach a chrochadh chun go gceadófaí an comhartha sin a chur suas. Tairseach 50% a bhí ann roimhe seo.

Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Chris Mac Cafraidh, a mhol an polasaí nua. Vótáil 25 comhairleoir ó pháirtithe áirithe ar son an pholasaí, vótáil 14 comhairleoir ina choinne agus staon comhairleoir amháin sa vóta.

Chuir Mac Cafraidh fáilte roimh chinneadh na Comhairle.

“Ní bheidh ach ar dhuine nó comhairleoir amháin a theacht chun tosaigh leis an iarratas comharthaíocht dhátheangach a chrochadh in airde. Má ghlacann 15% de thoghthóirí leis an mholadh, glacfar leis sa Chomhairle.

“Déanfaidh sé níos fusa é don té atá ag iarraidh comharthaíocht a bheith in airde i mBéarla agus Gaeilge ina sráid.”

Dúirt Mac Cafraidh gur léiriú a bhí sa pholasaí ar an ardú atá ar líon na ndaoine a bhfuil suim léirithe acu comharthaíocht dhátheangach a bheith le feiceáil.

“Mar mhúinteoir Gaeilge, tchím an fás na teanga achan lá. Léiríonn an polasaí nua seo an fás sin.”

Tá an polasaí céanna maidir le comharthaíocht sráide dhátheangach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin ó thús na bliana.

Tá na cinntí tar éis achrann a tharraingt i gceantair áirithe áfach agus graifítí frithGhaelach péinteáilte in oirthear Bhéal Feirste ag cur i gcoinne comharthaíocht sráide dhátheangach.

Fág freagra ar 'Glactha ag an tríú comhairle ceantair le polasaí nua faoi chomharthaí sráide dátheangacha'

  • Antóin

    Má thagann duine amháín chun tosaigh leis an iarratas comharthaíocht dhátheangach a chrochadh in airde agus má ghlacann 15% de thoghthóirí leis an mholadh, glacfar leis sa Chomhairle.

    Ceist? Cad a tharlaíonn sa chás ina bhfuil 15% de thoghthóirí i bhfabhar na comharthaíochta dátheangaí ach go bhfuil 16% nó 20% nó 35% nó níos mó ina héadan.

    Tar éis an tsaoil, vótáil 35% de na comhairleoirí in éadan an pholasaí!