Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh 20% d’oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge

Fáilte curtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne roimh chinneadh an Rialtais glacadh leis an mBille a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh 20% d’oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge

Glacadh inniu ag cruinniú Rialtais le ceannteidil Bille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne fáilte tráthnóna roimh chinneadh an Rialtais glacadh leis an mBille a bhfuil faoi leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga, leasuithe atá bunaithe ar athbhreithniú a chuir an tAire ar bun anuraidh.

Tugann an reachtaíocht nua aghaidh ar cheist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse, córas a bhfuil ag teip glan air dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú, mar a léirigh tuairiscí éagsúla ar an suíomh seo le dhá bhliain anuas.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát agus chuirfí córas nua caighdeánaithe bunaithe ar rialacháin ina áit.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil “iarracht” déanta sna ceannteidil “dul i ngleic” leis an dá “mhórcheist” sin – na Scéimeanna Teanga agus ceist na hearcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.

“Tá na laigí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga aitheanta agam cheana.  Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras, tá sé i gceist agam córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn.  Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin.

“Ar an mbealach seo, d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde, ó thaobh úsáid na Gaeilge de, bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.  Ní hamháin go mbeidh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh chearta an tsaoránaigh a chosaint, ach laghdóidh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontú scéimeanna teanga faoi láthair,” a dúirt an tAire Kyne.

Maidir le cúrsaí earcaíochta, dúirt an tAire go mbeidh sé “mar chuspóir sa Bhille” go mbeidh “20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge”.

Dealraíonn sé go bhfuil ceist na hearcaíochta fós á plé, ach dúirt an tAire Kyne go bhfuil sé “dóchasach” go mbeifear in ann teacht ar réiteach a chinnteodh go mbeadh líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú sa státchóras agus an Bille seo á dhréachtú againn”. 

Foilseofar ceannteidil an Bhille roimh dheireadh na seachtaine seo agus déanfaidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán plé ina dhiaidh sin orthu.

Bhí Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile ar spéis leo cearta teanga ag súil go mbeadh an Bille nua i bhfad níos láidre ná an dréachtreachtaíocht teanga a foilsíodh sa bhliain 2014 ach ar caitheadh i dtraipisí í nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Is cinnte go gcuirfear fáilte roimh an scéala go bhfuil aghaidh á tabhairt ar cheist na hearcaíochta agus ar cheist na scéimeanna teanga agus cuirfear suim mhór sna sonraí a bhaineann leis na leasuithe, a bheidh ar fáil nuair a fhoilseofar na ceannteidil féin Déardaoin.

Dúirt an tAire Kyne tráthnóna go raibh sé ag súil le tuilleadh plé a dhéanamh ar na leasuithe.

“Agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an mBille, phléigh muid na héilimh a bhí ag na heagrais Ghaeilge, ag an bhfreasúra agus ag an gCoimisineir Teanga.  Táim dóchasach go bhfuil a ndóthain sna ceannteidil seo a chinnteoidh go mbeidh muid in ann Bille Teanga láidir a dhréachtú.

“Beidh breis comhairliúcháin ar bun anois leis na Ranna Stáit, Oifig an Ard-Aighne agus na páirtithe leasmhara eile, agus tá mé ag súil leis an gcomhairliúcháin agus leis an bplé a bheidh ar bun i dTithe an Oireachtais agus an Bille seo ag dul tríd an bpróiseas reachtaíochta.

“Is céim eile í seo maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus, dár ndóigh, cabhróidh forálacha an Bhille nua leis an bpróiseas pleanála teanga atá ar bun sa Ghaeltacht.  Creidim go láidir gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid torthaí dearfacha amach don teanga agus do phobal na Gaeilge,” a dúirt Seán Kyne.

 

Fág freagra ar 'Glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh 20% d’oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge'

  • Fearn

    Na hoibrithe ísle nó na hobraithe arda, ní mé!!

  • Mánus

    Agus an Ghaeilge ag meath go tréan sna ceantracha “Gaeltachta” cé hiad a bheidh ag iarraidh seirbhísí tré Ghaeilge ar an Stát? B’fhearr do Confadh na Gaeilge do bheith ag bunú eastát tithíochta lánGhaeilge sna bailte móra ná a bheith ag tafann ag cosa na Steaitéise 20 bhliain.

  • Críostóir

    Más mian liom a ghabháil chun chonaithe in eastát tíochta a bhfuil an Ghaeilge ann mar theanga labhartha, bheadh post uaim chomh maith, post a d’fhéadfainn a dhéanamh trí Ghaeilge. Chruthódh postanna sa státseirbhís deiseanna do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre, tús maith a bheadh ann ar a laghad.

    Agus maidir leis an céatadán- measaim gur choir go mbeadh Gaeilge ag 20% d’fhostaithe sa státseirbhís ina iomláine, seachas ag 20% de dhaoine nua-earcaithe.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá mhéad duine sa Ghaeltacht atá eolach air seo? Cá mhéad saoránach Gaeltachta a bhfuil comhairle faighte acu go dtig leo a ngnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis an stat? Agus cá mhéad oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nuair atáthar ag banú na háite?

    Sé’n léamh atá agam ar na scéimeanna teanga ná go bhfuilthear ag díriú go hiomlán ar sheirbhís Gaeilge a chuir ar fáil don phobal taobh amuigh den oifig – ach caidé fan Ghaeilg a chuir chun cinn taobh istigh de na hoifigí siúd fosta?? Caidé fá daoine a spreagadh leis an Ghaeilg a úsáid go hinmheánach agus idir rannóga/eagraisí??

    Caidé’n mhaith bheith ag earcú daoine le Gaeilg nuair nach dtig leo í a chleachtadh go hinmheánach agus na téarmaí Gaeilg a bhaineann leis an bpost a úsáid go rialta?