Glacadh ‘go ginearálta’ le gach a raibh i gComhaontú Chill Rímhinn – Peter Hain

Maíonn Edwin Poots nár ghlac an DUP riamh le gealltanas maidir le hAcht Gaeilge agus gur socrú idir Gerry Adams agus Tony Blair a bhí ann

Glacadh ‘go ginearálta’ le gach a raibh i gComhaontú Chill Rímhinn – Peter Hain

Peter Hain. Graham Hughes/Photocall Ireland

Bhí glacadh “go ginearálta” le gach a raibh i gComhaontú Chill Rímhinn, dar le hiar-Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain.

Bhí Hain ag tagairt d’áiteamh an iarAire Cultúir Edwin Poots nár aontaigh a pháirtí, an DUP, riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, ainneoin gealltanas a bheith i gComhaontú Chill Rímhinn go ndéanfaí a leithéid.

Ag labhairt dó ar an gclár The Nolan Show ar BBC Raidió Uladh inné, dúirt Hain gur aontaíodh an Comhaontú agus a raibh ann “mar phacáiste”.

Dúirt Poots ar an gclár céanna Dé Máirt gur “socrú dá gcuid féin” idir ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, a bhí sa ghealltanas Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Tráthnóna inné, chuir Hain tvuít amach inar thacaigh sé féin leis an éileamh go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach.

Dúirt Poots gur cuireadh isteach an gealltanas faoin Acht “ag an nóiméad deireanach”.

“We never, ever, ever, agreed to an Irish Language Act. Tony Blair done a deal with Gerry Adams and that is a matter between Tony Blair and Gerry Adams. We never signed up to an Irish Language Act,” a mhaígh Poots.

Bhí Peter Hain ina Státrúnaí nuair a síníodh Comhaontú Chill Rímhinn agus mhaígh sé gur glacadh leis an gcomhaontú sin mar “phacáiste iomlán”.

“Uaireanta, bíonn cáipéis agat ina bhfuil na mílte focal agus cé nach n-aontódh gach duine 100% le líne amháin ann, glactar go ginearálta le gach a bhfuil inti, agus is mar sin a dhéantar dul chun cinn.

“Tuigeann cách gur mar sin a oibríonn cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann. Ba é an rud ba thábhachtaí faoi Chill Rímhinn ná gur éirigh leis an próiseas ar fad a bhogadh chun tosaigh,” a dúirt Hain.

Luaitear Acht Gaeilge go sonrach faoin gceannteideal ‘Cearta an Duine, Comhionannas, Íospartaigh agus Ceisteanna eile’ i gComhaontú Chill Rímhinn.

“Tabharfaidh an Rialtas Acht Gaeilge isteach bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh i gcomhar leis an bhFeidhmeannas nuathofa le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a scríobhadh sa Chomhaontú a shínigh an DUP in 2006.

Mhaígh Poots gur “beart mímhacánta” a bhí in obair Adams agus Blair an tAcht Gaeilge a chur isteach sa Chomhaontú agus nár aontaigh an DUP riamh leis.

Dúirt Conradh na Gaeilge le Tuairisc.ie nach raibh aon bhunús le ráiteas Poots.

“Nuair a dhaingnigh an DUP an comhaontú sin mar aon leis na páirtithe eile agus an dá rialtas, is é an comhaontú san iomlán a dhaingnigh siad.

“Is mar gheall ar na coimitmintí a tugadh maidir leis an Ghaeilge i gCill Rímhinn go ndearna Poots, agus é ina Aire Cultúir ag an am, comhairliúchán ar reachtaíocht don Ghaeilge in 2007. Murach tuiscint shoiléir maidir le dualgais agus seasamh a pháirtí ar cheist an Achta, ní rachadh siad i mbun comhairliúcháin ar an cheist,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cosanta Teanga agus Ionadaíochta an Chonartha.

Dúirt sé go bhfuil sé “náireach” go bhfuil an DUP “ag iarraidh dul siar” ar na gealltanais a tugadh i gComhaontú Chill Rímhinn “mar sheift toghchánaíochta”.

Fág freagra ar 'Glacadh ‘go ginearálta’ le gach a raibh i gComhaontú Chill Rímhinn – Peter Hain'

  • Liam Mac Lochlainn

    An bhfuil Acht Béarla de dhíth chun Edwin Poots, an t-iarAire Cultúir(!), a chosaint? (Tony Blair done a deal with Gerry Adams.’)