Glacadh ar bith le moladh an Aire Oideachais Cúla4 a úsáid sa seomra ranga mar chúiteamh ar chiorrú ama

I measc na mbeart a bhféadfadh scoileanna leas a bhaint astu chun an Ghaeilge a theagasc, dúirt an tAire Foley go bhféadfaí páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge, cuireadh a thabhairt do Ghaeilgeoirí labhairt leis an scoil, nó úsáid a bhaint as Cúla4 sa seomra ranga

Glacadh ar bith le moladh an Aire Oideachais Cúla4 a úsáid sa seomra ranga mar chúiteamh ar chiorrú ama

Tá ráite ag ionadaí múinteoirí Gaeilge nach leor moladh an Aire Oideachais go mbainfí úsáid as leithéidí Cúla4, Seachtain na Gaeilge agus cuairteanna ó Ghaeilgeoirí chun cúiteamh a dhéanamh ar an laghdú atá le déanamh ar an méid ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna.

Deir An Gréasán go bhfuil fadhb ann cheana féin leis an gcaighdeán Gaeilge a bhíonn ag go leor daltaí agus iad ag fágáil na bunscoile agus go bhfuil “an-bhaol” ann go ndéanfaidh an curaclam nua atá molta don bhunscoil an fhadhb sin níos measa.

Léirigh saineolaithe oideachais, gníomhaithe teanga agus polaiteoirí iontas an tseachtain seo maidir le ráiteas ón Aire Oideachais Norma Foley gur athrú chun feabhais ó thaobh sealbhú na Gaeilge a bheadh i gCreatchuraclam Nua na Bunscoile, curaclam ina moltar do scoileanna Béarla laghdú 30 nóiméad sa tseachtain a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge i ranganna 3-6 chun am a thabhairt do theagasc an tríú teanga.

I bhfreagra ar cheist scríofa Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dheimhnigh an tAire Foley nach raibh sé i gceist aici athrú a dhéanamh ar an gcuraclam nua in ainneoin an imní atá léirithe acu siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais.

Dúirt an tAire go mbeidh “Am Solúbtha”, uair an chloig agus 45 nóiméad sa tseachtain, ar fáil faoin gcuraclam agus go bhféadfadh scoileanna úsáid a bhaint as an am sin chun níos mó ama a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge.

Ar na bearta a bhféadfadh scoileanna leas a bhaint astu chun an Ghaeilge a theagasc, dúirt an tAire Foley go bhféadfadh scoileanna páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge, cuireadh a thabhairt do Ghaeilgeoirí labhairt leis an scoil, ceol agus amhráin Ghaelacha a fhoghlaim nó úsáid a bhaint as Cúla4 sa seomra ranga.

Ní ghlacann An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge gur leor na gníomhartha a mhol an tAire chun na huaireanta teagaisc don Ghaeilge atá le cailliúint ag daltaí a chúiteamh.

“Ní dhéanfadh na moltaí a mhol an tAire i gceist Dála le déanaí cúiteamh ar an 30 nóiméad sa tseachtain a bheidh á chailliúint in aon chor, agus dhéanfadh aon chiorrú mar seo dochar do chumas Gaeilge na ndaltaí,” a dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach an Ghréasáin, le Tuairisc.

Dúirt sé go raibh an eagraíocht “an-bhuartha” faoin mholadh go ndéanfar ciorrú ar an méid ama do mhúineadh na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus gur cheart dul siar air. Mheas Ó Coinn go dtiocfadh ardú ar líon na ndaltaí a bhfuil deacrachtaí acu leis an nGaeilge san iarbhunscoil má chuirtear an ciorrú i bhfeidhm.

“Aithnítear go mbíonn an-chuid éagsúlachta i leibhéal Gaeilge na ndaltaí nuair a fhágann siad an bhunscoil, agus tá sciar maith daltaí ann a bhíonn ar bheagán Gaeilge nuair a thosaíonn siad ar an meánscoil. Má laghdaítear an líon ama do mhúineadh na Gaeilge, tá an-bhaol ann go n-éireoidh an fhadhb seo níos measa agus go mbeidh ardú mór ar líon na ndaltaí nach mbeidh caighdeán sásúil Gaeilge acu nuair a thosóidh siad ar an meánscoil. Beidh bearna rómhór ann,” ar sé.

Thagair Ó Coinn don taighde a bhí déanta ag an ionad SEALBHÚ in DCU a léirigh gur chreid múinteoirí nach bhfuil cumas maith go leor sa Ghaeilge ag daltaí chun tabhairt faoin tsonraíocht don tSraith Shóisearach agus iad ag aistriú ón bhunscoil. “Dhéanfadh an laghdú seo an scéal níos measa,” a dúirt Ó Coinn.

Tá An Gréasán ag moladh nach laghdófaí an líon ama do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil agus, ina áit sin, go gcuirfí polasaí cuimsitheach le chéile do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar atá á mholadh ag Conradh na Gaeilge.

Dúirt an Conradh, Stiúrthóir SEALBHÚ agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, ar fad le Tuairisc nach raibh aon fhianaise le maíomh an Aire Oideachais go dtiocfadh feabhas ar chumas Gaeilge dhaltaí bunscoile de thoradh na n-athruithe.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir ó SEALBHÚ go mbeadh laghdú 500 uair an chloig nó 37% tagtha ar theagasc Gaeilge sa bhunscoil ó 1999 agus an curaclam nua seo á chur i bhfeidhm ach nach aon iúdar iontais gur chreid múinteoirí go raibh caighdeán Gaeilge na ndaltaí ag dul in olcas.

Fág freagra ar 'Glacadh ar bith le moladh an Aire Oideachais Cúla4 a úsáid sa seomra ranga mar chúiteamh ar chiorrú ama'

  • Seán ÓM

    Aahhhhh – taictic an ábhar seachráin! An-chliste go deo Norma!:

    “Tá an teach faoi thine agus mise ag caitheamh peitril air!
    Ach féach ar na heochrachaí snasta airgid seo! Is breá le Gaeilgeoirí Cula4 nach ea!?”