Giolc Gaeilge ó U2 spreagtha ag Conor McGregor

Thuill an giolc Gaeilge 262 athghiolc agus 656 croí ó lucht leanta an bhanna ceoil

Seachtain 62Chuir cuntas oifigiúil an bhanna ceoil mór le rá U2 teachtaireacht tacaíochta chuig an trodaí Conor McGregor ar Twitter inniu i nGaeilge. D’fhiafraigh fear an MMA de U2 óna chuntas féin an mbeidís ag breathnú ar an troid mhór atá le bheith idir an ‘Notorious’ agus José Aldo an Satharn beag seo i Las Vegas.

D’fhreagair an banna ceoil Baile Átha Cliathach beagnach uair a’ chloig ina dhiaidh sin é, ag rá go mbeidh “rírá agus ruaille buaille de satharn san Las Vegas!” agus ag gríosú an trodaí, nár cloíodh fós sa chró é, chun ‘Éirí!’.

Thuill an giolc Gaeilge 262 athghiolc agus 656 croí ó lucht leanta an bhanna ceoil. Tuigtear gurb é Bono féin, príomhamhránaí an bhanna, a bhíonn i mbun giolcaireachta go minic ar an gcuntas oifigiúil ach ní fios arb é fear Fhionnghlais a scríobh an teachtaireacht Ghaeilge ar maidin.

Troidfidh Conor McGregor, a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge, in aghaidh José Aldo Dé Sathairn, an 12 Nollaig san MGM Grand Garden Arena, i Las Vegas, ag 6am de réir an chloig anseo.

Fág freagra ar 'Giolc Gaeilge ó U2 spreagtha ag Conor McGregor'