Ginmhilleadh – ceist nach féidir a scuabadh ar shiúl

Ní haon fhuascailt ar an bhfadhb a bheith ag ligean orainn féin nach bhfuil aon cheo le réiteach sa bhaile mar go dtig le daoine a dhul chuig an oileán béal dorais le haghaidh seirbhísí a bhfuilimidne rónaofa nó ró-cheartchreidmheach lena soláthar

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Seachadadh thar sáile an freagra a bhí ar an gcruachás, thuaidh agus theas le fada. Ba léir go raibh éileamh ar ghinmhilleadh sa dá dhlínse ó d’imigh na mílte chun na Breataine lena aghaidh gach bliain, ach fad is ab fhéidir diúltú as éadan dó sa bhaile, ní raibh ar pholaiteoir a dhul sa tseans go gcaithfí amach é faoin gceist.

Chuir breithiúnas stairiúil san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inné cor nua sa scéal, áfach. Rialaíodh gur shárú ar chearta daonna ban is ea an dlí reatha a cheadaíonn ginmhilleadh i gcásanna an-teoranta, nuair atá beatha nó sláinte fhadtéarmach na máthar i mbaol. Dá réir sin, rialaíodh go mba cheart ginmhilleadh a cheadú nuair nach bhfuil féatas inmharthanach agus i gcásanna éignithe. Tá a fhios ag lucht feachtais i dTuaisceart Éireann gur thóg sé bliain is fiche ar Rialtas na hÉireann reachtaíocht theoranta a rith mar fhreagra ar rialú na cúirte i leith cás X. Dá dheasca sin, coinneoidh siad brú ar na húdaráis chun moilleadóireacht a sheachaint abhus ach tá glórtha arda ina n-éadan agus drogall nó dearg naimhdeas na bpolaiteoirí follasach. Beidh impleachtaí ag breith na cúirte chomh maith don díospóireacht faoin ochtú leasú ó dheas.

Rialú a bhí ann ar an athbhreithniú breithiúnach a d’éiligh Coimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann a bhí á thabhairt ag an mBreitheamh Mark Horner inné. Dúirt an Breitheamh:

“Ó tharla gur beag seans go ngabhfaidh an Reachtas (Stormont) i ngleic leis an gceist seo go ceann i bhfad agus, ó tá saoránaigh Thuaisceart Éireann i dteideal chosaint na cúirte ar a gcearta faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta Daonna, is é mo bhreithiúnas go sáraíonn an dlí na cearta faoi Airteagal 8 do mhná atá ag iompar féatais le mínormáltacht mharfach agus mná atá torrach de bharr coir ghnéis”.

D’eascair an cás cúirte as tragóid a d’fhulaing lánúin óg i 2013 nuair a fuarthas amach nach raibh inchinn ná blaosc an linbh a raibh siad ag súil leis ag forbairt, aicíd ar a dtugtar aineinceifealacht.

Ní mhairfeadh an páiste tar éis breithe. Theastaigh foirceannadh nó ginmhilleadh uathu ach ní raibh sé ar fáil i dTuaisceart Éireann. B’éigean don bhean, Sarah Ewart, a dhul go Sasana le haghaidh ginmhillte, cor a chuir go mór lena cruatain, a dúirt sí. D’inis sí a scéal go poiblí agus d’éiligh sí gníomh ó Stormont.

Rith an Roinn Cirt i Stormont próiseas comhairliúcháin faoi athrú ar an dlí anuraidh. Bhí an DUP dubh dóite in éadan athraithe agus bhí gach páirtí in éadan ginmhilleadh gan teorannú.

Ní raibh molta ag an Roinn ach ginmhilleadh i gcás mínormáltacht mharfach, áfach. Theastaigh níos mó ón gCoimisiún um Chearta Daonna – ginmhilleadh i gcás mínormáltacht thromchúiseach agus i gcás toirchis de bharr ionsaithe – éigniú agus ciorrú coil.

Theip ar an éileamh i dtaca le mínormáltacht thromchúiseach ach d’éirigh leis ar gach bonn eile. Tá sé seachtaine ag páirtithe leasmhara chun achomharc a dhéanamh. Níl aon dabht ach go ndéanfar.

Tá sé mar a bheadh dhá shaol ann. Polaiteoirí, eaglaisigh agus lucht frith-ghinmhillte lánchinnte gur acusan atá an ceart i ngach cás, díreach mar atá lucht feachtais i bhfabhar rogha ar an taobh eile. Ansin tá na daoine atá ag dul i ngleic leis an bhfadhb féin. Ní ceist theibí ná ceist pholasaí í dóibhsean mar a léiríonn an staidreamh.

D’imigh mná agus cailíní óga, ina mílte go Sasana, a lán acu scanraithe, cráite, cuid acu ina n-aonar, roinnt eile nach raibh, ach iad go léir ag iarraidh fuascailte nach raibh le fáil sa bhaile. Bhí cuid acu torrach de bharr ionsaithe a rinneadh orthu taobh istigh nó taobh muigh den teaghlach. A thuilleadh acu, bhí siad torrach de bharr timpiste nó de bharr míchúraim agus a bhí a thuilleadh fós acu, ar nós Sarah Ewart, a raibh an scéal truamhéalach faighte acu go raibh siad ag iompar féatais nach raibh inmharthanach.

Ar ndóigh, d’imigh roinnt daoine, céatadán beag is cosúil chun leas a bhaint as ginmhilleadh mar ‘fhrithghiniúint’. Ach don mhóramh ba ghníomh deacair, brónach é agus ceann ab éigean a choinneáil faoi rún go minic.

Is bocht an scéal é go mbíonn ar shaoránaigh a dhul i dtuilleamaí na gcúirteanna i ngeall ar éagumas na bpolaiteoirí i dtaca le gnéas agus athghiniúint – pósadh comhghnéis, fuilaistriúcháin ó hómaghnéasaigh agus ginmhilleadh. Ní haon fhuascailt ar an bhfadhb í a chur as amharc nó ligean orainn féin nach bhfuil aon cheo le réiteach sa bhaile mar go dtig le daoine a dhul chuig an oileán béal dorais le haghaidh seirbhísí a bhfuilimidne róbheannaithe nó ro-cheartchreidmheach lena soláthar.

Tá tréimhse chorrach faoin gceist seo i ndán dúinn ó thuaidh agus theas. Ceist í nach féidir í a sheachaint.

Fág freagra ar 'Ginmhilleadh – ceist nach féidir a scuabadh ar shiúl'