Ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis dleathach sa Tuaisceart den chéad uair

Theip ar iarracht a rinne an DUP reachtaíocht ghinmhillte a ceapadh in Westminster a chur ar ceal

Ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis dleathach sa Tuaisceart den chéad uair

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis dleachtach sa Tuaisceart den chéad uair.

De réir na reachtaíochta a thug rialtas na Breataine isteach, beidh deis ag lánúineacha comhghnéis sna sé chontae pósadh ó Lá Fhéile Vailintín 2020 ar aghaidh, agus beidh ginmhilleadh ar fáil ón 31 Márta 2020.

De réir na reachtaíochta céanna íocfar pinsin le daoine a gortaíodh le linn na dtrioblóidí.

Rialtas na Breataine a thug an Northern Ireland Act (Executive Formation) isteach chun déileáil le ceisteanna áirithe fad is atá an comhthionól in Stormont ar scor.

Beirt Fheisirí Parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Conor McGinn agus Stella Creasy, a mhol na leasuithe ar an acht maidir le pósadh comhghnéis agus ginmhilleadh níos túisce i mbliana agus vótáil móramh mór de na feisirí i Westminster ar son an dá rún.

Tá an DUP glan in aghaidh na reachtaíochta agus d’fhill siad ar Stormont inné chun a míshástacht a chur in iúl.

Shínigh 31 MLA achainí ar son bille a chuirfeadh bac ar an reachtaíocht ghinmhillte ach dúirt Robin Newton, a bhí ina spéicéir san fheidhmeannas deireanach, agus a bhí i láthair in Stormont inné, nár cheadmhach aon phlé san fheidhmeannas go gceapfaí spéicéir nua, ceapachán a bhí ag brath ar thacaíocht Shinn Féin.

Dhiúltaigh Sinn Féin a bheith i láthair inné agus shiúil ionadaithe tofa de chuid an SDLP amach as Stormont.

Chuir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald fáilte roimh an reachtaíocht úr agus rinne sí cáineadh láidir ar “sheift” an DUP.

Dúirt Arlene Foster gur “lá brónach” a bhí ann agus gheall sí go mbeadh “gach bealach ó thaobh an dlí a fhiosrú” ag a páirtí chun cur i gcoinne na reachtaíochta ginmhillte nua.

Tá 1,009 lá caite ó tháinig deireadh le feidhmeannas Stormont i mí Eanáir 2017.

Fág freagra ar 'Ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis dleathach sa Tuaisceart den chéad uair'