‘Ghrátáil mé an líomóid!’ – an dochar a dhéanann ró-mhíniú do théacs liteartha

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní mór don scríbhneoir muinín a bheith aige as cumas intleachtúil an léitheora

‘Ghrátáil mé an líomóid!’ – an dochar a dhéanann ró-mhíniú do théacs liteartha

Blianta fada ó shin, nuair a chuirfinn an trioblóid orm féin cístí úll a dhéanamh ó am go ham agus nuair a bhí fear céile agam a chabhraíodh liom, tharla comhrá a gcuimhním air go minic agus mé i mbun eagarthóireachta ar mo chuid scríbhneoireachta ficsin.

‘Ghrátáil mé an líomóid!’ a dúirt m’fhear céile, lán bróid, le cara dá chuid a bhí díreach tar éis ár n-árasán a bhaint amach.

‘Ghrátáil tú an líomóid?’ a d’fhiafraigh cara m’fhir chéile, dreach ar a haghaidh amhail is go raibh sí tar éis ronnach bándearg a fheiceáil ag rothaíocht trasna na cistine. (Ba léir nach raibh císte úll Ísiltíreach blasta aici riamh; bíonn craiceann líomóide grátáilte measctha tríd an líonadh úll.) Ach d’imigh an t-iontas dá haghaidh in achar soicind agus d’ardaigh sí a guaillí.

‘Go breá mar sin, ghrátáil tú an líomóid,’ a dúirt sí. ‘Céard eile atá le déanamh?’

Cuimhním ar an líomóid sin gach uair a dtugaim faoi deara, agus mé i mbun eagarthóireachta ar mo chuid scríbhneoireachta ficsin féin, go bhfuil iarracht á déanamh agam mionsonra éigin a mhíniú nach bhfuil an bhrí a bhainfidh an léitheoir as an téacs iomlán ag brath air.

Níl dabht ar bith orm ach gurb iad mo chuid fréamhacha san iriseoireacht is cúis leis an gclaonadh seo a bheith ag iarraidh gach uile mhionrud a mhíniú don léitheoir. Ar an drochuair, déanann an ró-mhíniú dochar do théacs liteartha toisc go gcuireann sé isteach ar ghluaiseacht nádúrtha an scéil. Níos measa fós, laghdaíonn sé an pléisiúr a bhainfidh an léitheoir as an téacs toisc go mothóidh an léitheoir, go fo-chomhfhiosach, nach raibh muinín ag an scríbhneoir as cumas an léitheora rudaí a oibriú amach dó féin.

Chuir an craiceann líomóide úd mearbhall ar chara m’iarfhear céile, ach níor rith sí amach an doras ag screadaíl; ghlac sí leis gur cuid den oideas an craiceann líomóide agus níor ghá d’éinne aon rud a mhíniú di. Ar an gcaoi chéanna, ní dhúnfaidh léitheoir leabhar a luaithe is a thiocfaidh sé ar ráiteas éigin a thabharfadh air a mhalaí a ardú.

Má dhéanann an scríbhneoir a jab i gceart, ní chuirfidh fiú ronnach bándearg a thrasnódh an chistin ar rothar an léitheoir dá bhuille.

Fág freagra ar '‘Ghrátáil mé an líomóid!’ – an dochar a dhéanann ró-mhíniú do théacs liteartha'