Gheofar léargas ceart ar chumas sheaimpíní na hÉireann i gCaisleán an Bharraigh

Bhí sé deacair mórán a fhoghlaim as taispeántais Chiarraí go dtí seo sa tsraith ach níl dream níos fearr ná Maigh Eo le mianach foirne a thástáil

Gheofar léargas ceart ar chumas sheaimpíní na hÉireann i gCaisleán an Bharraigh

Níor cheart go mbeadh iontas ar dhuine ar bith faoin tús leamh go maith a bhí againn go dtí seo i Roinn 1 na sraithe peile agus foirne ag teacht chucu féin de réir a chéile i ndiaidh bhriseadh an gheimhridh.

Is iad Ros Comáin an t-aon dream ar éirigh leo an dá chluiche a bhí acu go dtí seo a bhuachan. Chruthaigh siad go maith le teacht aniar a dhéanamh ar a gcéilí comhraic sa dá chluiche ach ní fhéadfaí dul thar fóir á moladh ach an oiread agus cuid mhaith botún ina gcuid imeartha.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Ard Mhacha a raibh bua agus comhscór acu, ach tá sé an-deacair foirne a mheas chomh luath seo sa bhliain.

Bhí bua cumasach ag Ciarraí, a bhuaigh an chraobh agus an tsraith anuraidh, in aghaidh Mhuineacháin i mBabhta 2 ach fuair Dún na nGall an ceann is fearr orthu sa chéad chluiche. Agus iad d’uireasa leithéidí David Clifford, Seán O’Shea, Diarmuid O’Connor agus Paul Geaney, is deacair mórán a fhoghlaim as taispeántais na Ríochta. Ba cheart go bhfaighfí léargas níos fearr anocht, áfach.

Faoi cheann cúpla seachtain, beidh dearmad déanta ar fhormhór na gcluichí a imríodh i Roinn 1 go dtí seo – aon duine a d’fhéach ar an gcoimhlint idir Gaillimh agus Ros Comáin beidh sé ruaigthe as a gcuimhne cheana féin acu – ach ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith gurb iad cluichí Mhaigh Eo an díol suntais is mó againn go dtí seo.

Tá bainisteoir nua i gceannas ar an bhfoireann i mbliana ach is beag cuma atá ar an scéal go bhfuil teacht Kevin McStay chun tada a dhéanamh le fáil réidh leis na cora agus castaí a bhíonn ag baint le cluichí Mhaigh Eo i gcónaí.

Tháinig Gaillimh chomh fada le Caisleán an Bharraigh i mBabhta 1 agus bhí an-choimhlint ann idir na foirne. Bhí na Gaillmhigh níos fearr d’fhormhór an chluiche ach fuair Maigh Eo ceithre cinn de na cúig phointe deireanach chun comhscór a bhaint amach.

A mhalairt a bhí i gceist in aghaidh Ard Mhacha i mBabhta 2 nuair a bhí Maigh Eo cúig phointe chun tosaigh agus 66 nóiméad imeartha ach lig siad d’Ard Mhacha cúig scór as a chéile agus comhscór a fháil.

Beidh slua mór i bPáirc Mhic Éil anocht do theacht churaidh na hÉireann agus súil ann go spreagfaidh sin an dá fhoireann.

Beidh Jack O’Connor sásta go bhfuil imreoirí ag filleadh ar fhoireann Chiarraí de réir a cheile. Scóráil Paudie Clifford cúl iontach in aghaidh Mhuineacháin tar éis dó teacht isteach mar ionadaí ina chéad chluiche i ngeansaí na Ríochta i mbliana agus tá beirt laochra eile, David Clifford agus Seán O’Shea, ar fáil den chéad uair anocht.

Ar an taobh eile den pháirc, tá Kevin McStay tar éis Aidan O’Shea a chur isteach ar imeall na cearnóige agus beidh súil aige go mbeidh an fathach in ann an ceann is fearr a fháil ar Jason Foley, a bhuaigh gradam All Star anuraidh.

Ainneoin gur chruthaigh Ryan O’Donoghue go maith go dtí seo i mbliana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil na laigí céanna ag cur as do Mhaigh Eo fós i measc na dtosaithe, agus tá lucht tacaíochta an chontae ag súil go mór le filleadh Tommy Conroy.

Cluiche idir dhá fhoireann atá ag barr na sraithe, Ros Comáin agus Tír Eoghain, ceann de na cluichí atá againn i Roinn 1 amárach ach seans gur tábhachtaí an péire eile agus beagán imní ag teacht ar fhoirne cheana féin.

D’éirigh le Muineachán ísliú céime a sheachaint arís agus arís eile ach, agus an dá chluiche a bhí acu go dtí seo caillte acu, beidh siad ag snámh in aghaidh easa arís má chliseann orthu in aghaidh Dhún na nGall. Tá na Conallaigh ag iarraidh teacht ar ais ó dhrochthaispeántas in aghaidh Thír Eoghain coicís ó shin ach is buille ollmhór é an gortú a bhain do Paddy McBrearty sa chluiche sin, cé nach bhfuil sé soiléir go fóill cé chomh fada a bheidh Dún na nGall d’uireasa a gcaptaein.

Beidh obair mhór le déanamh ag Gaillimh freisin má chailleann siad in aghaidh Thír Eoghain i dTuaim. Bhí foireann Pádraic Joyce chun tosaigh in aghaidh Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus an dá chluiche sin ag teacht chun críche ach theip orthu faoi dhó an bua a fháil. Údar mór faoisimh nach bhfuil an gortú a bhain do Damien Comer in aghaidh Ros Comáin chomh dona agus a ceapadh ar dtús ach amárach, ní bheidh teacht ag Joyce ar Comer, Shane Walsh ná Rob Finnerty, an triúr lántosaithe a bhí aige anuraidh, agus caithfidh leithéidí Dessie Conneely, Eoin Finnerty agus Ian Burke an bhearna sin a líonadh.

Cluichí ar an teilifís

Dé Sathairn, 18 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Maigh Eo v Ciarraí – Caisleán an Bharraigh, 7.30in (Beo ar TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2
Doire v An Mhí – An Abhainn Bheag, 5.00in (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 19 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Ros Comáin v Ard Mhacha – Páirc de hÍde, 1.45in (Beo ar TG4)
Gaillimh v Tír Eoghain – Tuaim, 1.45in (Beo ar Sheinnteoir TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2
Corcaigh v Áth Cliath – Páirc Uí Chaoimh, 3.45in (Beo ar TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 3
Fear Manach v An Dún – Eadarnaidh, 1.00in (Beo ar BBC iPlayer)

Fág freagra ar 'Gheofar léargas ceart ar chumas sheaimpíní na hÉireann i gCaisleán an Bharraigh'