Gheofar léargas ar thábhacht Chraobh Uladh idir seo agus an tseachtain seo chugainn

Tá sé ina imní go bhfágann struchtúr nua na craoibhe nach bhfuil craobhacha na gcúigí chomh tábhachtach agus a bhí ach ba cheart go mbeadh coimhlintí maithe ó thuaidh an deireadh seachtaine seo

Gheofar léargas ar thábhacht Chraobh Uladh idir seo agus an tseachtain seo chugainn

Fear Manach v Doire – Páirc Brewster, 5.00in (Beo ar BBC)

Chaill Doire i gcluiche ceannais Roinn 2 agus chaill Fear Manach i gceann Roinn 3 na sraithe cúpla seachtain ó shin ach déanfar dearmad air sin má éiríonn leo ina gcéad chluiche craoibhe i mbliana.

B’ait an taispeántas a thug Doire in aghaidh Átha Cliath ina gcluiche ceannais agus is cinnte go ndéanfar tagairt arís níos déanaí sa chraobh don chailliúint sin agus do na deiseanna ar fad ar chúil a ghéill Doire ach is beag seans go mbeidh siad chomh scaoilte inniu is a bhí siad i bPáirc an Chrócaigh coicís ó shin.

Tá stíl níos oscailte ag Fear Manach ná mar a bhí agus bhuadar sé cinn de na seacht gcluiche a bhí acu i Roinn 3 roimh an gcluiche ceannais in aghaidh an Chabháin ach tá Doire céim nó dhó chun tosaigh ar aon dream a d’imir go dtí seo. Beidh an bainisteoir Kieran Donnelly ag súil le tacaíocht mhór ón slua sa bhaile agus taispeántais mhaithe ó leithéidí Seán Quigley, Ultan Kelm agus muintir Jones más le Fear Manach cluiche i gCraobh Uladh a bhuachan den chéad uair ó 2018.

Údar faoisimh é do lucht tacaíochta Dhoire go bhfuil Chrissy McKaigue agus Conor Glass ainmnithe ar an bhfoireann do chluiche na hoíche anocht tar éis dóibh a bheith ag streachailt le gortuithe. Ba léir tionchar mór Glass ar an gcluiche nuair a bhí air an pháirc a fhágáil sa chluiche ceannais in aghaidh Átha Cliath agus beidh an cheannasaíocht a thugann sé ag teastáil má bhíonn ag éirí go maith le Fear Manach agus an cluiche idir dhá cheann na meá.

Tá painéal níos láidre ag Doire, áfach, agus tar éis dóibh Craobh Uladh a thabhairt leo anuraidh, údar iontais a bheadh ann dá dteipeadh orthu inniu.

Tír Eoghain v Muineachán – Ómaigh, 4.00in (Beo ar RTÉ)

Imreofar cluiche mór eile i gCraobh Uladh amárach agus Tír Eoghain agus Muineachán in aghaidh a chéile. Tá sé ina imní go bhfágann struchtúr nua na craoibhe nach bhfuil craobhacha na gcúigí chomh tábhachtach agus a bhí ach ba cheart go bhfaigheadh muid léargas ar thoradh an athraithe amárach.

Tá Tír Eoghain agus Muineachán cinnte d’áit i mBabhta an 16 i gCraobh na hÉireann, is cuma céard a tharlaíonn amárach, agus feicfimid cé chomh díocasach a bheidh siad dá bharr. Agus slua maith i bPáirc Uí Éilí, déarfá nach mbeadh sé ródheacair na foirne a spreagadh chun tabhairt faoina chéile.

Ní rómhaith a bhí ceachtar foireann le linn na sraithe ach is mó sásamh a bheidh bainte ag Muineachán as feachtas an earraigh tar éis dóibh a n-áit i Roinn 1 a choinneáil ar an lá deireanach. Beidh Vinny Corey agus a chuid imreoirí ag súil go mbeifear in ann an fuinneamh sin a úsáid anois sa chraobh ach beidh Tír Eoghain dírithe freisin ar fheachtas maith a bheith acu tar éis ceann díomách anuraidh i ndiaidh Chraobh na hÉireann 2021 a bhuachan.

Tá an cumas ag imreoirí Thír Eoghain cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach arís ach tá bóthar fada le dul idir seo agus sin agus ní beag an chéad dúshlán atá le sárú acu.

Fág freagra ar 'Gheofar léargas ar thábhacht Chraobh Uladh idir seo agus an tseachtain seo chugainn'