An Ghearmáin v Éire: Cúig rud le faire orthu

Caitheann Tuairisc.ie súil ar céard ba cheart faire air sa mhórchluiche in aghaidh na Gearmáine i nGelsenkirchen

Martin O'Neill. Pictiúr: © INPHO

Cúl Báire Giobráltar, Jordan Perez, tar éis dó cúl tuathail a scóráil in aghaidh na hÉireann. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

1. Cé mar a chabhraigh an bua in aghaidh Ghiobráltar linn?

Éire ag imeacht ó chluiche a bhuaigh siad 7-0 in aghaidh na foirne is measa san Eorap go dtí cluiche in aghaidh seampíní Chorn an Domhain, foireann a bhuail iad 6-1 dhá bhliain ó shin. Is í an cheist atá ann ná an rud maith é go raibh cluiche éasca ag Éire ag an deireadh seachtaine nó an drochrud é?

Is cuma cé chomh lag is a bhí an freasúra, is cinnte gur chothaigh an cluiche bog muinín sna himreoirí gan trácht ar an seacht gcúla a scóráladh. Ach tá daoine eile ag rá nach aon slat tomhais é an cluiche sin agus go mbeadh cluiche crua, teann, níos fearr mar ullmhúchán do chluiche na Gearmáine. Ní bheidh a fhios againn cé acu dream atá ceartgo dtí an oíche anocht.

Shane Long (ar chlé) nó Robbie Keane (ar dheis); cé acu a phiocfaidh Martin O’Neill Dé Máirt? Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer.

2. Robbie Keane nó Shane Long?

Is é seo an argóint chéanna a bhíonn ag lucht tacaíochta na hÉireann i gcónaí. An fearr Keane, imreoir a bhfuil cúig chúl is trí scór aimsithe aige, ach nach bhfuil in ann tada eile a dhéanamh, nó an fearr Shane Long, imreoir atá tapa agus laidir ach a bhfuil droch-cháil air as a easpa cumais os comhair an chúil? Chuirfeadh sé iontas ar gach duine dá n-imreodh Martin O’Neill le beirt tosaithe, agus dá bhrí sin, níl ach áit amháin ar fáil.

Mar gheall go mbeidh Éire faoi chois den cuid is mó den chluiche, is dóigh go roghnóidh O’Neill fear Southampton, toisc go bhfuil sé níos óige agus lán d’fhuinneamh, ach bheadh iontas ar gach duine mura bhfeicfí Keane ag teacht chun páirce ag am éigin.

Ábhar machnaimh ag bainisteoir na Gearmáine, Joachim Loew, tar éis an cluiche in aghaidh na Polainne a chailiúint. Pictiúr: ©INPHO

3. Cén freagra a bheidh ag na Gearmánaigh?

Nuair a bhuail an Pholainn iad oíche Dé Sathairn, b’shin é an chéad chluiche cáilithe a chaill an Ghearmáin le sé bliana anuas. Is scéal mór é aon uair a chailleann seampíní Chorn an Domhain agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbeidh na Gearmánaigh chomh cinnte céanna díobh féin arís, óir is róchinnte díobh féin a bhí siad in aghaidh na Polainne. Beidh foireann Joachim Loew ag iarraidh a thaispeáint gur eisceacht a bhí sa toradh sin agus locht a gcáinte sa bhaile a chur ina dtost.

An bhfeicfidh muid Stephen Quinn (chun tosaigh) nó Wes Hoolahan (taobh thiar) sa gheansaí glas in aghaidh na Gearmáine? ©INPHO/James Crombie

4. Wes Hoolahan nó Stephen Quinn?

Dála Keane nó Long, tá ceist ann faoi cé a imreoidh taobh thiar den tosaí aonair, más mar 4-5-1 a leagfaidh O’Neill amach an fhoireann. Arís, is í an cheist atá ann ná an bhfuil sé ag iarraidh an t-imreoir sciliúil, Hoolahan nó an fear atá níos laidre, Stephen Quinn, a chur chun páirce.

Is dóigh go mbraitheann an cheist seo ar cé a imríonn sna tosaithe. Ní bheadh aon chiall le Hoolahan agus Keane a imirt sa bhfoireann chéanna sa Ghearmáin. Má imríonn Shane Long, tá a dhóthain fuinnimh aige chun laigeachtaí cosanta Hoolahan a chúiteamh. Tá an seans ann, chomh maith, go bhfeicfidh muid Long agus Quinn, má bhíonn an oiread sin ómóis ag O’Neill do na Gearmánaigh.

5. An féidir na Gearmánaigh a ionsaí?

Ceann de na cúiseanna a bhfuil ceist faoi na Gearmánaigh faoi láthair ná go bhfuil siad cráite ag gortuithe. Faoi láthair, tá Marco Reus, Bastian Schweinsteiger, Sami Khedira, Mesut Ozil, agus tuilleadh as an áireamh. Chomh maith leis seo, d’éirigh Philip Lahm, Per Mertesacker agus Miroslav Klose as imirt don fhoireann náisiúnta tar éis Chorn an Domhain.

Marco Reus, ceann d’imreoirí na Gearmáine nach bhfuil ar fáil don chluiche in aghaidh na hÉireann. ©INPHO/James Crombie

Beidh a rian sin ar fad le feiceáil ar an Satharn. Tháinig dhá chúl na Polainne ón taobh clé de chosaint na Gearmáine, áit a bhfuil Eirk Durm ag imirt. Is fear é Durm nach bhfuil mórán taithí aige ag an leibhéal seo. Lena chois sin, tá Aiden McGeady agus James McLean tar éis taispeántais mhaithe a thabhairt uathu ar na cliatháin d’Éirinn. Má thagann aon seans i dtreo na nÉireannach, gur ón mbeirt sin a thiocfaidh sé.