Gheall Eugene McGee go sollúnta go ndéanfadh sé agallamh i nGaeilge dá mbeadh an bua acu…

Bhí aithne mhaith ag ár gcolúnaí ar Eugene McGee agus ba ionann a phearsa agus a pheann

Gheall Eugene McGee go sollúnta go ndéanfadh sé agallamh i nGaeilge dá mbeadh an bua acu…

Laz Molloy (Uíbh Fhailí) agus Eugene McGee in 1984

Ní nach ionadh ba ar an mbua a bhí ag Uíbh Fhailí ar Chiarraí i 1982 ba mhó a tráchtadh an tseachtain seo caite nuair a bhásaigh a mbainisteoir Eugene McGee. Faoin tráth seo tá eolas fiú acu siúd gur beag a suim sna Cluichí Gaelacha faoin dráma a bhain le cúl Shéamuis Darby agus an chosúlacht ar an scéal go raibh Corn Mhig Uidhir le bheith neadaithe sa Ríocht den chúigiú bliain as a chéile, rud nár tharla riamh roimhe ná go deimhin fós.

Bhí aithne mhaith agam ar Eugene, trócaire air agus ba ionann a phearsa agus a pheann. I mbun iriseoireachta ní mba nós leis fiacail a chur ann. Is minic gur i lár an bhóthair a dhéanann iriseoirí spóirt formhór a gcuid taistil.

Tá an cead sin acu mar gur le caitheamh aimsire, dea-scéalta agus le blaiseadh den aoibhneas den chuid is mó a bhaineann a gcuid oibre. Cinnte tá an iomaíocht agus an comhrac ina chroílár freisin, ach fiú sna spórtanna gairmiúla, ní nós a bheith searbh, binbeach.

Is mór mar sin idir obair an iriseora spórt agus iad siúd a bhíonn ag plé leis an bpolaitíocht, le cúrsaí nuachta nó coiriúlachta arb é a mianach de réir riachtanais seasamh ar mhéaracha go leor.

Agus é ag déanamh anailíse ar an imirt ní mba nós le Eugene a dhul thar fóir lena cháineadh ná go deimhin lena mholadh. Ach, má cheap sé go raibh siad siúd a bhí i gceannas Chumann Lúthchleas ag teip ina ndualgais, ní bhíodh fuacht ná faitíos air tabhairt fúthu go láidir.

Nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoirne Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath i ndeireadh na 1960idí i dtús na 70idí a chuir mé aithne ar Eugene McGee den chéad uair – bhí sé i gceannas ar fhoirne a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir leathdhosaen uair, ina rúnaí ar chumann an choláiste ar feadh na mblianta agus ina theachta ag na hOllscoileanna ar Ardchomhairle CLG, rud a d’fhág eolas maith aige ar an gcaoi ar oibrigh an eagraíocht.

Thug sin seasamh faoi leith dó agus é ag caint ina dhiaidh ar chúrsaí riaracháin, rialacha agus beartaíochta.

Léiriú ar a chumas bainistíochta foirne is ea go raibh McGee ag eagrú seisiúin traenála ag a 7.00am ar champas na hOllscoile nua i Belfield caoga bliain ó shin. Ní hamháin go raibh forlámhas ag a fhoireann ar na comórtais 3ú leibhéal an uair sin ach faoi dhó a bhuaigh siad Craobh an Chontae in Áth Cliath agus Craobhacha Chlubanna na hÉireann i 1974 agus ’75.

Ag Naomh Uinsionn a bhí an fhoireann mhór eile a bhí sa bpríomhchathair ag an am. Ba nós leosan gan a chur chun páirce ach dúchasaigh agus nuair a choinnigh na mic léinn 3 chraobh as a chéile uathu i 1965 agus ceithre cinn i 1973, d’fhág sé troigh cantail ar ‘Jeaicíní’ Ráth Eanaigh agus Dhomhnach Cearna go seasfadh dornán ‘culchies’ faoi cheannas ceann eile acu idir iad agus leathanaigh na staire.

Déarfainn gur bhain McGee oiread sásaimh as sin agus a bhain sé as bua a fhoirne ar Chiarraí ina dhiaidh mar ba fhear tuaithe as tuaisceart Longfoirt a bhí ann go smior a sheas i gcónaí don dream dár díobh é.

Seachtain sula ndearna Uíbh Fhailí, Darby agus é fhéin an gaisce thug mé cuairt ar champa traenála Uíbh Fhailí agus mar ba ghnách ag an am bhí deis labhartha ag na hiriseoirí le himreoirí, roghnóirí agus bainisteoirí.

Bhí a fhios agam go raibh beagán Gaeilge ag Eugene agus suim aige inti, mar ba mhúinteoir bunscoile in Achadh na Cloiche ar an teorainn leis an gCabhán a athair.

Ós rud é nár chleacht sé a chuid Gaeilge le píosa agus go raibh iriseoirí na tíre ag faire freisin air ar Pháirc Uí Chonchubhair an tráthnóna fómhair údaí i 1982 bhí scáth ar an mbainisteoir go ndéanfadh sé praiseach d’aon agallamh nuair a d’iarr mé labhairt leis. Ach gheall go sollúnta go ndéanfadh sé agallamh sa seomra feistis i bPáirc an Chrócaigh, dá mbeadh an bua acu.

Trócaire Dé anois air, níor loic sé.

Agus leath dhaonra Uíbh Fhailí ag imeacht as na cranna cumhachta sa seomra feistis agus an leath eile taobh amuigh dá dhoras ag iarraidh bealach isteach, fuair mé féin agus é féin tearmann i gcithfholcadán agus rinne píosa cainte atá fós in áit éicint i gcartlann Raidió na Gaeltachta.

Ba é Eugene ba chúis leis gur luadh an stáisiún agus a chuid oibre in eagarfhocal i Scéala Éireann cúpla lá dár gcionn.


Fág freagra ar 'Gheall Eugene McGee go sollúnta go ndéanfadh sé agallamh i nGaeilge dá mbeadh an bua acu…'