Gertie Millar – ‘chorus girl’ Ros Muc agus an Tiarna Dudley

Tá portráid de Gertie Millar, bean a raibh baint mhór aici le paróiste Ros Muc i gConamara, ar díol i Londain

gertie pooch-1

An tseachtain seo chugainn cuirfear portráid ar díol i Londain a bhfuil baint mhór aige le paróiste Ros Muc. Ceaptar gur fiú £50,000 í.

Portráid atá ann a rinne an t-ealaíontóir cáiliúil William Orpen de bhean darbh ainm Gertie Millar, a raibh cáil mhór uirthi mar amhránaí sna ‘music halls’ i Londain i dtús an chéid seo caite.

Chuile sheans gur i dTeach Scríb i bparóiste Ros Muc a rinne William Orpen an saothar ealaíne seo, sin nó in Inver Lodge sa bparóiste céanna.

Ba mhinic Gertie Millar i Ros Muc ó thosaigh sí féin agus an Tiarna William Humble Ward ag spallaíocht le chéile. Ba shin é an Tiarna Dudley—an fear a bhí ina Lord Lieutenant ar Éirinn idir 1902 agus 1905.

Chaitheadh an Tiarna Dudley tréimhsí móra fada ar saoire in Inver Lodge an t-am céanna a raibh Padraig Mac Piarais ar saoire sa bparóiste achar gearr uaidh.

Báitheadh an chéad bhean a bhí ag an Tiarna i Scríb sa mbliain 1920. Ceapann daoine fós nach timpiste a bhí ann; gurbh é an chaoi ar chuir sí lámh ina bás féin.

Bhí sise agus an Tiarna Dudley scartha ó chéile ag an am agus eisean ag plé le Gertie Millar in Inver Lodge.

240px-Ac.dudley
Lord Dudley

Amhránaí maith ba ea Gertie Millar, ‘chorus girl’ mar a thugtaí ar a leithéid. Bhí sí dathúil freisin agus ní móran cor a chuireadh sí di nach mbíodh i nuachtáin an lae.

Tógáil bhocht a fuair sí i Yorkshire ach nuair a chuaigh sí ar an stáitse i Londain in aois a trí bliana déag, níorbh fhada gur leath a clú agus a cáil.

Dá mba é Rí Shasana féin é, bhí sé splanctha ina diaidh.

Phós sí cumadóir cáiliúil ceoil, Lionel Monckton, ach, mar is léir, níor mhair an pósadh sin.

Bhí sé ráite freisin go mbíodh sí féin agus Diúc Westmister ag luí le chéile scaití. Bhí seisean ar dhuine de na daoine ba saibhre sa domhan ag an am. Ní ar chosa fuara a bhí tóir ag Gertie, sin cinnte.

Ar aon bhealach, chríochnaigh sí féin agus cuairteoir Ros Muc, an Tiarna Dudley, le chéile. Phós siad agus chaith siad an chuid ba mhó den am i Le Touquet sa bhFrainc gur bhásaigh seisean.

Mhair sise fiche bliain ina dhiaidh.

Nuair a bhí muid ag déanamh clár fáisnéise faoin Tiarna Dudley agus faoi Phádraig Mac Piarais, Taibhsí na Staire roinnt blianta ó shin, chuaigh muid go Sasana gur chas muid le mac mic an Tiarna Dudley, a bhí i dTeach na dTiarnaí é féin.

Fear breá oscailte a bhí ann a thug a chéad chuairt ar Ros Muc in aois a cheithre bliana.

D’fhiafraigh mé de an bhféadfainn dhá cheist faoi leith a chur air san agallamh teilifíse —faoi bháitheadh a sheanmháthar i Scríb agus faoi Ghertie Millar.

Dúirt sé go bhféadfainn agus fáilte.

Ba dheacair breithiúnas a thabhairt ar an mbáitheadh i Scríb, a dúirt sé. Bhí a fhios aige go raibh an galar dubhach ag cur as dá sheanmhathair agus chaithfí a chur san áireamh freisin go raibh gaol gar aici leis an scríbhneoir Virginia Woolf a bháigh í féin chomh maith. Ach ó na tuairiscí a chuala sé, shílfeá gur timpiste a bhí ann, a dúirt sé.

Maidir le Gertie Millar, dúirt sé gur casadh dhó í cúpla uair. Bean bhreá a bhí inti, a dúirt sé. Níor cháin sé ar bhealach ar bith í.

Thagair sé don cháil a bhí uirthi sna ‘music halls’ i Londain fadó. Dúirt an drámadóir, an t-aisteoir agus an fear ceoil Noel Coward leis uair amháin go spáráladh sé chuile phingin a bhíodh aige le dhul ag éisteacht léi.

Ní dócha go ndeachaigh Noel Coward níos géire ná sin uirthi; fear aerach, sa gciall nua-aimseartha den fhocal, a bhí ann.

Fág freagra ar 'Gertie Millar – ‘chorus girl’ Ros Muc agus an Tiarna Dudley'