Geraghty ar Laochra Gael – clár tathagach le rannpháirtí mealltach, stuifiúil

Dá fheabhas é aon táirge bíonn gá i gcónaí anam nua a chur ann nuair a bhíonn sé sa tsiúl ar feadh scaithimh fhada

Geraghty ar Laochra Gael – clár tathagach le rannpháirtí mealltach, stuifiúil

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Tá an séú asúr déag de Laochra Gael (TG4, Dé Céadaoin) faoi lánseoil. Faoi mar a dúrt cheana sa cholún seo tá an clár seo ar cheann de mháithreacha sceideal spóirt an stáisiúin ó bhí 2001 ann agus faoin tráth seo tá scéalta spóirt is beatha breis agus 150 duine atá sa Táin curtha os ár gcomhair. Is i bhfad na haimsire a thuigfear tábhacht an chnuasaigh. Go deimhin tá cúigear ón gcéad sraith (Dermot O’Brien, Enda Colleran, Con Murphy, Páidí Ó Sé agus John Wilson) imithe uainn ar shlí na fírinne.

Dá fheabhas é aon táirge bíonn gá i gcónaí anam nua a chur ann nuair a bhíonn sé tsiúl ar feadh scaithimh fhada. Chuige sin beartaíodh líon na gclár a laghdú go cúig (ó dheich gcinn) agus breis téagair a chur i ngach ceann ach fad a chur leo (ó leathuair an chloig go huair an chloig).

Cinneadh stuama, dar liom. Tugann seo breis scóip do mheitheal an chláir tochailt níos doimhne a dhéanamh agus gan a bheith i dtaobh le sciuird ar chartlann le teacht ar bhuaicphointí imeartha. Cuirtear oiriúnacht an chur chuige nua abhaile ort nuair atá pearsa chomh suimiúil, stuifiúil le Graham Geraghty idir chamáin.

Is beag duine a d’áiteodh ná go bhfuil sé ar dhuine de na himreoirí is cumasaí a chur iall i mbróg chaide riamh. Chaith sé blianta móra fada ag imirt leis an gcontae agus chroch sé leis dhá bhonn uile Éireann mar aon le dhá dhuais All-Star.

B’imreoir agus duine é a tharraing achrann agus conspóid go minic agus déantar na nithe sin ar fad a chíoradh sa chlár seo; an masla ciníoch a chaith sé fad is a bhí ar an bhfoireann comhrialacha, a bhéalscaoilteacht ar pháirc na himeartha, na ráflaí a bhíodh á scaipeadh faoi, a dheacrachtaí smachta ar pháirc na himeartha, fadhbanna gnó srl. Déanann sé na fiacla a dhrannadh ábhairín fad is atá conspóid na hAstráile á plé; é den tuairim nach bhfuair sé cothrom na Féinne ós na meáin.

Ina theannta sin tráchtar ar a gheábh ar an bpolaitíocht, scannán aicsin (gan dealramh) a dhein sé agus an tréimhse ghairid a chaith sé le Arsenal. Go deimhin tá scéilín Arsenal neadaithe i miotaseolaíocht CLG, ráiteas Paul Merson faoi ard-aclaíocht Geraghty ach go háirithe.

Labhraíonn Geraghty go hionraic, deisbhéalach agus go seoigh ar uairibh. Ba rannpháirtí caithiseach é. Bhí san tábhachtach óir go raibh air an oiread sin den chlár a iompar. B’ait liom nach raibh a thuilleadh dá chomhimreoirí agus céilí comhraic le feiscint. Bhíomar fágtha i dtaobh le Mattie Kerrigan, Seán Óg Ó hAilpín, Tommy Dowd, Seán Boylan agus Ger Canning. Is ar Canning a thit an cúram an t-ionchur Gaeilge a thabhairt. Bhí guthú snoite, deisbhéalach le Brian Tyers ár dtionlacan i rith an ama.

Clár tathagach le rannpháirtí mealltach, stuifiúil.

Fág freagra ar 'Geraghty ar Laochra Gael – clár tathagach le rannpháirtí mealltach, stuifiúil'