Geimhreadh crua a leanann Lá Nollag ar an gCéadaoin ach beidh an-samhradh againn!

CARTLANN NA FÉILE: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Seo ó chartlann Tuairisc.ie cuid de nósanna agus seanchas na Nollag a luaigh daltaí scoile na tíre i nGaeilge agus i mBéarla sna 1930idí…

Geimhreadh crua a leanann Lá Nollag ar an gCéadaoin ach beidh an-samhradh againn!

Seanchas a bhí ag na leanaí i ngach ceantar sa tír go dtéann an bhó, an t-asal agus an capall síos ar a nglúine ag meán oíche Oíche Nollag in ómós don Leanbh Íosa agus go dtagann caint chucu. Mí-ádh a bhí i ndán d’aon duine a ghabhfadh amach ag éisteacht lena gcomhrá. 

Chuaigh leaidín amháin amach ag meán oíche go gcloisfeadh cén t-ábhar comhrá a bhí acu sa gcró agus nár chuala sé an capall ag rá go mbeadh sí á iompar féin chun na cille sula i bhfad. Níor mhair an créatúirín go hearrach.

Creideadh nach luífeadh an chaora ná an bhó siar in aon chor Oíche Nollag ach iad réidh leis an naíonán a choinneáil deas teolaí. Chuirtí leaba thirim tuí fúthu an oíche sin i gcuimhne ar an stábla i mBeithil agus d’fhaighidís gabháil mhaith féir.

Go bhfóire Dia ar an gcoileach bocht a thosaíodh ag glaoch i lár na hoíche roimh an Nollaig mar mharófaí é ar eagla an mhí-áidh. Go deimhin ní raibh aon fháilte roimh aon choileach a bheadh ag glaoch i mbéal an dorais lá ar bith mar nach aon dea-scéal a bhíodh aige. 

Oíche Nollag, dhéantaí fíon den uisce sa tobar ag meán oíche ach níor cheart d’aon duine a bheith ag faire ar an bhfíon sin. Bhíodh uisce Lá Nollag tugtha isteach roimh thitim na hoíche beannaithe agus mura mbeadh dhéanfá dá uireasa mar buicéad fola a bheadh agat dá ngabhfá faoina dhéin. 

Tá scéalta againn ar fud na tíre faoin mí-ádh a lean aon duine a raibh rún aige an fíon sin a fháil. Cailín beag amháin chuaigh sí amach ag an tobar go bhfeicfeadh sí an mhíorúilt ach rinneadh tom aitinn di. Beirt fhear eile a chuaigh amach agus buicéid acu leis an bhfíon a thabhairt abhaile, ní fhacthas ó shin iad. 

I sráidbhaile síos faoin tír luaitear nós a bhí ag na gasúir a ghabháil ar a nglúine taobh amuigh den doras go gcloisfidís cloig na bhflaitheas ag bualadh ag meán oíche. 

Níor moladh d’aon duine a ghabháil ag cuartaíocht oíche Nollag ach chuile chomhluadar a bheith i dteannta a chéile ar an teallach an oíche bheannaithe sin leis an bpaidrín páirteach a rá i bhfochair a chéile agus suipéar na Nollag a ithe.

Níor mhian leo ach an oiread go mbeadh cártaí á n-imirt oíche ná lá Nollag. Bhí scéal ag buachaill amháin go raibh an comhluadar ag imirt cártaí agus tháinig cuairteoir isteach agus chuaigh sé ag imirt leo agus ba mhaith uaidh. Ag meán oíche d’iarr an mháthair orthu éirí as an imirt  ‘in ainm Dé an oíche bheannaithe seo’. Chaith an cuairteoir na cártaí san aer agus chuaigh siad i bhfostú thuas sna fraitheacha. Chonaic an tseanbhean a dhá chrúb agus é ag imeacht faoi dheifir. Bhí muintir an tí sin uile scaipthe sna ceithre hairde sular tháinig an chéad Nollaig eile.

Is mór an seanchas atá ar fáil faoi thrócaire agus carthanacht na Nollag agus an mí-ádh a leanadh aon duine a dhiúltódh déirc d’aon chréatúr aimsir na Nollag. Go minic ba í an Mhaighdean féin an bhean déirce a thagadh ag an doras. Bean amháin a dhíbir bean déirce ghlac an diabhal seilbh uirthi agus chinn ar easpag ná sagart é a dhíbirt aisti agus bhí na ciaróga ag sodar aniar as a béal ar leaba a báis.

Aon duine ar an mbaile a raibh bó bhainne aige, thugadh sé bainne d’aon chomhluadar nach raibh aon bhó acu agus dá marófaí caora nó muc thabharfaí béile don té a bhí d’uireasa ceann. 

Dhéantaí coinnleoirí as tornapaí agus poll curtha ina lár do choinneal mhór na Nollag agus craobh cuilinn á maisiú. Oíche Nollag Beag a bhaintí anuas an cuileann agus an t-eidheann i gcuid den tír ach bhí cailín amháin a dúirt go gcoinnítí an cuileann go dtí Máirt Inide agus go gcuirtí sa tine faoin na pancóga é.

Bhí míniú ag cuid de na gasúir ar an tóir a bhí ar sceacha cuilinn, eidhneáin agus drualus leis an teach a mhaisiú faoi Nollaig. Deir siad go mbíonn an lá ag dul i bhfad faoi Nollaig agus gurb é lá breithe na gréine agus an tsolais a bhíodh á cheiliúradh ag na draoithe a chreid go raibh bua speisialta ag aon rud a bhí beo agus glas nó a bhí faoi chaora i lár an gheimhridh.

Dá dtarraingeodh bean óg duilleog as an tom cuilinn agus an méid mant a bhí inti a chomhaireamh, bheadh a fhios aici cé mhéad bliain go bpósfadh sí. 

Sa taobh thoir den tír is mó a luaitear an turcaí agus maróg na Nollag. Agus an mharóg á meascadh chaithfeadh chuile dhuine sa teach casadh a bhaint aisti leis an spúnóg agus deirtí nach raibh sé ádhúil dá bpléascfadh an mharóg agus í á bruith sa bpota mar nach mairfeadh duine de mhuintir an tí sin go dtí an chéad Nollaig eile. Ní leanfadh an t-ádh aon teach a n-íosfaí geampa den mharóg sin roimh Lá Nollag féin. 

Chuirtí carcair mhór adhmaid nó ‘bloc na Nollag’ sa tine oíche Nollag agus thugadh sé lóchrann agus teas don teach uilig. Choinnídís sceilpín di leis an ádh a tharraingt ar an teach i rith na bliana. Luaitear i gceantar amháin go dtugadh an ‘Gentleman’ Roberts bloc adhmaid do chuile chomhluadar faoi Nollaig.

Déantar trácht go mion minic ar an g‘Christmas Box’ a d’fhaightí ó na siopaí uilig a mbítí ag déileáil iontu – tae, siúcra, coinneal, milseáin agus bairín breac mór. Luaitear i gcuntas amháin go raibh lán an chléibh sa gcáca rísíní sin agus go gcuirtí clár os a chionn le stól beag a dhéanamh don ghasúr ag an tine! I gcuntas eile deirtear go bhfaigheadh chuile dhuine sa teach a phrionta féin ime Oíche Nollag agus nach mbíodh peaca an tomhais ar bhean a roinnte. Cheannaítí sé nó seacht de bhuilíní sé pingine a bhíodh ‘four times the size they are now’ agus bhíodh builíní dhá phingin le fáil freisin.

Thugtaí sop tuí abhaile as an gcruib nó an mainséar sa séipéal agus chuirtí faoi na fraitheacha é leis an ádh a tharraingt ar an teach. I gceantair eile creideadh go raibh leigheas ar an tinneas cinn sa sop tuí sin. I gcuntas eile deirtear linn nach mbeifeá gann i bpinginí go deo ach an sop sin a bheith sa teach agat.

Níor moladh éadach nua a chaitheamh Lá Nollag ach é a choinneáil don athbhliain; ‘ná déan bród as do bhrat’ comhairle faisin na Nollag. Ach dá mbeadh giobal nó droch-éadach ort lá chinn bhliana is é a bheadh ort an chuid eile den bhliain.

D’fhágtaí an doras ar an laiste nó oscailte ar fad oíche Nollag, agus coinneal mhór lasta i lár an urláir agus bladhmsach thine thíos le fáilte a chur roimh an Maighdean Mhuire agus a naíonán. D’fhágtaí cathaoir in aice na tine le go bhféadfadh sí a scíth a ligean.

Luaitear i go leor de na tuairiscí an t-ómós a bhí don tae ag féile na Nollag agus go gceannaítí leathphunt tae mar bheadaíocht Nollag. Ó tharla nach raibh na taephotaí fairsing, sa bpota mór a d’fhiuchtaí an tae, an bainne agus an siúcra i dteannta a chéile agus bí an-tóir air ag suipéar na Nollag. Aon deoir a d’fhanadh sa bpota ní amú a ghabhfadh sé mar théití lá arna mhárach é. Luann roinnt mhaith de na gasúir a dhaoire agus a bhí an tae agus an méid nach mbeadh ólta de go gcoinnítí é go dtí an Nollaig dár gcionn. Cúig scilling an punt a luaitear a bhí ar an tae (sna 1930idí).

Tá an-chaint ar an dá shuipéar a bhíodh ag daoine Oíche Nollag. Iasc úr nó iasc saillte agus fataí a bhíodh acu ar an gcéad suipéar ardtráthnóna agus tar éis an phaidrín páirteach bhíodh tae, bacstaí agus cáca rísíní nó cáca Nollag acu. Paidir a luaitear go minic sna cuntais ‘Go mbeirimid beo ar an am seo arís!’

Ar ndóigh ba mhaith é an dara suipéar sin mar bhídís ar a gcéalacan go mbeadh an t-aifreann thart Lá Nollag, agus luaitear go rialta go mbíodh chuile dhuine ag iarraidh faoistin na Nollag a dhéanamh agus dul ag comaoineach an lá speisialta sin. 

An fheoil a bhí molta Lá Nollag agus chuile dhuine ag iarraidh bealaíocht éigin a bheith acu leis na fataí, an chearc féin mura raibh a malairt ar fáil. 

Má bhíonn na daitheacha fiacaile ag plé leat, tá a leigheas ag na gasúir seo – scadán goirt a ithe maidin lá Nollag agus féadfaidh tú a bheith ag cangailt arís go tráthnóna gan pian gan anó!

I bhFionntrá i dTír Chonaill théidís síos ar an trá Lá Nollag ag imirt an chluiche ‘camán’. Mhaireadh an cluiche sin an chuid eile den gheimhreadh. Fás coill an camán a bhíodh acu agus rúta drise an liathróid. 

Creideadh go láidir ar fud na tíre uile go dtéann anam gach duine a bhásaíonn idir Lá Nollag agus Lá Nollag Beag díreach isteach sna flaithis mar nach ndúntar geataí na bhflaitheas chor ar bith an tseachtain sin. 

Ní bhíodh an diabhal féin díomhaoin faoi Nollaig  agus a phióg féin le déanamh aige – as teangacha dlíodóirí agus méaracha cléireach, de réir scéil! 

Ní bhíodh aon nádúr le haimsir bhog faoi Nollaig mar gur creideadh gurbh í an reilig a bheadh ramhar dá mbeadh an talamh glas faoi Nollaig agus gur faoi Cháisc a thiocfadh an sioc agus an sneachta an bhliain sin. Cothromacan síne na haimsire an breithiúnas seanbhunaithe a bhí riamh ann gur tosaíodh ag téamh an domhain.

Is léir ó na cuntais seo go raibh níos mó nádúir ag daoine leis an bhfuacht aimsir na Nollag mar go ndeirtí go mbeadh an reilig ar an ngannchuid ach an talamh a bheith geal agus go mbeadh an Cháisc dár gcionn te. 

Tá go leor pisreog sna cuntais seo faoi laethanta na seachtaine agus an Nollaig. Bíodh Lá Nollag ar an Domhnach, beidh geimhreadh maith againn ach é gaofar agus beidh Samhradh breá tirim againn. Ní maith é Lá Nollag ar an Luan, beidh an geimhreadh go maith ach beidh samhradh stoirmiúil fiáin romhainn. Beidh sé ina chogadh agus caillfear go leor den eallach ach buíochas le Dia ní sciobfaidh an bás na daoine.

Ach Lá Nollag a bheith ar an Máirt an mí-ádh mór a bheadh i ndán do na mná agus an bás ag faire orainn. Na longa ar farraige bheadh an t-anfa ag bagairt orthu agus fiú an rí agus an tiarna féin an bás fuilteach a bheadh i ndán dó. 

Agus i mbliana agus Lá Nollag ar an gCéadaoin? Geimhreadh crua ropánta atá romhainn ach beidh an-samhradh againn agus barr breá cruithneachta sna goirt. 

Bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh, bígí lách lena chéile agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

Fág freagra ar 'Geimhreadh crua a leanann Lá Nollag ar an gCéadaoin ach beidh an-samhradh againn!'