Tá géillte ag RTÉ nár chóir clár Nationwide faoi Sheán Ó Riada a bheith i mBéarla ar fad.
Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, ag cruinniú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inné go mbeadh sé níos “nádúrtha” dá mba chlár Gaeilge an clár a craoladh faoin chumadóir ceoil.
Mar chuid den chlár speisialta Nationwide faoi Sheán Ó Riada, a craoladh ar RTÉ 1 an tseachtain seo caite, bhí mac Sheáin, Peadar Ó Riada, craoltóir Gaeilge agus ceoltóir aitheanta, faoi agallamh ag láithreoir Nationwide Bláthnaid Ní Chofaigh, arb as an Ghaeltacht di féin. Tugadh suntas don scéal gur Béarla a bhí á labhairt ag beirt nach mbíonn aon doicheall orthu a dteanga dhúchais a labhairt.
Is í Leas-Cheann Comhairle na Dála, Catherine Connolly, a chuir an cheist ar lucht ceannais RTÉ faoin easpa Gaeilge in eagrán Sheáin Uí Riada de mhórchlár irise an chraoltóra náisiúnta agus faoi na deiseanna eile nach raibh á dtapú ag RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar go raibh “deiseanna agus acmhainní iontacha” ag RTÉ nach rabhadar ag baint leas astu chun an Ghaeilge a chur “i lár an aonaigh” i bpríomhsceideal an stáisiúin.
Ach a bheith “dáiríre faoi” agus úsáid níos mó a bhaint as a gcraoltóirí a bhfuil Gaeilge d’fhéadfadh RTÉ an Ghaeilge a dhéanamh níos lárnaí sa sceideal, a dúirt an Teachta Dála Connolly.
“Ón méid atá feicthe agam níl sé sin á dhéanamh agaibh, go háirithe ar na príomhchláracha, chun a chur in iúl do mhuintir na tíre go bhfuil an Ghaeilge ar an leibhéal céanna.”
Ag trácht di ar an chlár Nationwide faoi Sheán Ó Riada, a craoladh ar RTÉ1 an tseachtain seo caite mar chomóradh ar 50 bliain bhás an chumadóra, dúirt an Teachta Dála Connolly nach raibh úsáid cheart á baint ag RTÉ as craoltóirí a bhfuil Gaeilge acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
“Cén fáth nach féidir clár nó leath den chlár nó, ar a laghad, tús a chur le hagallamh i nGaeilge nuair atá duine le Gaeilge líofa acu faoi agallamh?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly.
Mar fhreagra air sin, dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, gur aontaigh sí leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Connolly.
“Glacaim leis an méid atá ráite agat, go mórmhór i leith an chinn le Peadar Ó Riada, rud a bheadh nádúrtha é sin a bheith as Gaelainn,” a dúirt Ní Churnáin.
Ag tagairt dó don chlár céanna dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur léirigh sé “meon” RTÉ i leith na Gaeilge.
“Bhí an-iontas orm thar an deireadh seachtaine, bhí clár breá Nationwide ar Sheán Ó Riada ach bhí an clár i mBéarla.
“Fear a chónaigh sa Ghaeltacht, a d’fhoghlaim an Ghaeilge….duine de mhórghaiscígh na Gaeilge chomh maith leis an gceol, duine náisiúnta, idirnáisiúnta, duine ildánach.”
Dúirt Ó Cuív, go ndeachaigh RTÉ “chomh fada” le hainmneacha Béarla a chur ar phíosaí ceoil a raibh ainmneacha Gaeilge ag Seán Ó Riada orthu.
“Is rudaí beaga iontu féin iad sin ach ’speánann sé meon,” a dúirt Ó Cuív.
Éilís Ní Anluain
Radharc dhearóil ar thodhchaí gan Ghaeilge – cosc uirthi le brath ar mhórchuid na n-agallamh – caint nádúrtha mar a shamhlófá, ach nár chuala muid, idir bhean Rath Chairn agus muintir Chúil Aodha a raibh orthu iompú ar an mBéarla nuair a thosaigh an taifead. Meastú fiú ar rinneadh leaganacha Gaeilge de na hagallaimh sin. Maolú éigin ar an imní ab ea na míreanna Gaeilge ón gcartlann ach a theachtaireacht féin ansin, gur thiar san am atá caite a bhaineann sí. Tá go leor daoine nach labhrann Gaeilge, foghlaimeoirí ina measc, nach miste leo ar chor ar bith Gaeilge le fotheidil. An féidir nár smaoinigh an dream a chum nó a cheap an clár ar fhotheidil mar mahlairt ar Ghaeilgeoirí a chur ag labhairt i mBéarla lena chéile?
Brendan Keane
Bheadh sé níos cuí agus níos dúchasaí i nGaeilge go deimhin.
Colm Ó Cearúil
Beidh reachtaíocht úr de dhíth, chun iallach a chur ar RTÉ a dualgais a comhlíonadh mar an craoltóir Náisiúnta. Bainfidh seo leis an mbuiséad ón Stát chiste, achmannaí, soláthar foirne is ar eile. Faraor ghéar, tá ghá freisin le oideachais a chur ar an mbainistíocht faoi cad a ciallaíonn rannpháirtíocht i Náisiúin na hÉireann.