Déanfar cur síos ar chlár teilifíse a thaifead an BBC ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara beagnach seasca bliain ó shin i ngearrscannán faisnéise a chraolfar ar TG4 anocht.
I Faoin gCeann Tuí, téann Seán Ó Ciardha, a chóirigh agus a stiúir an gearrscannán, ar thuras chuig an sráidbhaile Gaeltachta agus casann sé le roinnt daoine ar cuimhin leo criú an BBC a bheith ag scannánú ar an Spidéal.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana, nuair a taispeánadh an gearrscannán faisnéise mar chuid d’Fhéile Scannán na Gaillimhe, dúirt Ó Ciardha gur mhian leis léargas a thabhairt ar an “seansaol” sa Ghaeltacht agus ar shaol a mhuintire féin.
“Bhí a fhios agam go raibh scannán déanta ag an BBC faoi Chonamara i bhfad siar, ach níor thuig mé go raibh baint ag mo mhuintir féin leis an scéal.
“Ní raibh deis agam bualadh le mo dhaideo, Pádraic Ó Ciardha, mar gur bhásaigh sé cuid mhaith blianta sular tháinig mise ar an saol. Ba é an chéad uair dom a ghlór a chloisteáil ar an gclár a rinne an BBC,” a dúirt Ó Ciardha.
Pléitear sa ghearrscannán na nósanna agus na traidisiúin a bhí ag muintir an Spidéil sna 1960idí agus na hathruithe a tháinig ar an sráidbhaile ó shin.
Cuireann Seán a athair Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannaire TG4 agus a uncail Mártan Ó Ciardha, colúnaí de chuid Tuairisc.ie, faoi agallamh sa ghearrscannán.
– Beidh Faoin gCeann Tuí le feiceáil ar TG4 ag 7.30pm anocht.
uinsean mac thómais
Sár chlár!