Tá aitheantas tugtha inniu ag Oireachtas na Gaeilge do sheisear iriseoirí óga, ina measc Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.ie, atá curtha ar ghearrliosta do Ghradam mar Réalta Óg na cumarsáide. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh le duine den seisear a roghnú don ghradam féin a bhronnfar in Óstán Radisson i gCathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 22 Bealtaine 2015. Is iad an cúigear eile ata i dteannta Mhaitiú Uí Choimín ná Áine Ní Bhreisleáin (RTÉ/TG4), Cillian de Búrca (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Katie McGreal (Seachtain), Lisa Nic an Bhreithimh (Raidió na Life agus FM104), agus Shane Ó Curraighín (Meon Eile).
“Ní ionadh ar bith é gur daoine atá ag saothrú sna meáin chumarsáide le tréimhse de bhlianta a fhaigheann gradam Oireachtais de ghnáth,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.
“Tagann sáriarracht agus sárscileanna le taithí agus le haibíocht. Ach ag an am céanna, tagann daoine óga chun cinn a dhéanann éacht, daoine a léiríonn tallann faoi leith agus bá don cheird. Is iad todhchaí na meán cumarsáide Gaeilge iad agus is ceart aitheantas a thabhairt dóibh.”
Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óga na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh le téacs dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann nó 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór. Tá mioneolas i dtaobh na vótála ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
Tá na línte vótála oscailte ón meán lae inniu (Dé Luain, 27 Aibreán 2015) agus dúnfar iad ag meán lae, Déardaoin, 21 Bealtaine 2015.
Is é Aengus Mac Grianna (RTÉ) a bheidh i mbun searmanais an bhronnta agus beidh Loretta Ní Ghabháin ‘Ar an gCairpéad Dearg’ ag labhairt le haíonna agus iad ag triall ar Halla an tSearmanais. Beidh an pobal in ann é seo agus an Searmanas Bronnta a leanúint ar shuíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus www.tg4.tv.
Bronnfar duaiseanna ar na haíonna is galánta faisean ar an oíche chomh maith. Tá ticéid ar fáil ar phraghas speisialta de €45 suas go dtí 5.00 p.m. Déardaoin, 30 Aibreán 2015.
SONRAÍ VÓTÁLA
57003 ó Phoblacht na hÉireann
60999 ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain Mhór
ÁINE NÍ BHREISLEÁIN téacsáil GRADAM101
CILLIAN DE BÚRCA téacsáil GRADAM102
KATIE MCGREAL téacsáil GRADAM103
LISA NIC AN BHREITHIMH téacsáil GRADAM104
MAITIÚ Ó COIMÍN téacsáil GRADAM105
SHANE Ó CURRAIGHÍN téacsáil GRADAM106
Feardorcha
In ainm dé … labhair ar an gcat á lí féin