Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha

Sé leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo don ghradam scríbhneoireachta

Shortlist

Tá gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha inniu ag Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

6 leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo don ghradam scríbhneoireachta ar fiú €4,000 é d’foilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €3,000 d’údar an leabhair féin.

I measc na saothar ar ghearrliosta na bliana seo, tá dhá úrscéal leis an gcomhlacht foilsitheoireachta céanna, Leabhar Breac: I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil, an dara leabhar i sraith úrscéalta staire; agus Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí, saothar a phléann le téamaí na géillsineachta agus na saoirse.

Ar na leabhair eile atá san iomaíocht, tá Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal (Futa Fata) le Tadhg Mac Dhonnagáin, ina n-insítear scéal Antaine Uí Reachtabhra, an file a labhair amach ar son a phobail; agus Ibíotsa (Cois Life), cnuasach scéalta comhaimsearta le Labhrás Ó Finneadha.

Is é Joe Steve Ó Neachtain a scríobh an cnuasach scéalta eile, Idir Neamh is Talamh (Cló Iar-Chonnacht) a bhain áit amach ar an ngearrliosta. Pléann cnuasach Uí Neachtain le hiontais na hóige, uaigneas na seanaoise agus teaspach an ghrá. Is é an leabhar eile atá ag Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta na bliana seo ná Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora, le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.

Agus an gearrliosta á fhógairt aige, dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais:

“Bliain i ndiaidh bliana, cuireann ardchaighdeán na n-iarratas a bhíonn istigh ar Ghradam Uí Shúilleabháin ionadh agus ríméad orainn, agus ní haon eisceacht é gearrliosta 2015.

“Tá scríbhneoirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann an gradam seo deis dúinn éacht oibre na scríbhneoirí agus na bhfoilsitheoirí araon a cheiliúradh.”

Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin agus buaiteoirí Chomórtas Liteartha an Oireachtais ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Citywest ar an 28 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha'