Gearrchúrsa sa chraoltóireacht raidió le reáchtáil ag stáisiún Gaeilge

Tá Raidió Fáilte i mBéal Feirste chun cúrsa dhá lá a reáchtáil saor in aisce chun blaiseadh a thabhairt d’obair na craoltóireachta raidió

Gearrchúrsa sa chraoltóireacht raidió le reáchtáil ag stáisiún Gaeilge

Tabharfar deis do dhaoine ar suim leo cúrsaí raidió scileanna craoltóireachta a fhoghlaim mar chuid de ghearrchúrsa nua atá le reáchtáil ag stáisiún Gaeilge.

Tá Raidió Fáilte i mBéal Feirste chun cúrsa deireadh seachtaine a chur ar bun chun oiliúint a thabhairt do dhaoine maidir le cén chaoi le clár raidió a chur le chéile. Beidh an cúrsa saor in aisce dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith páirteach ann.

“Seo an chéad uair dúinn cúrsa iomlán a reáchtáil in aon deireadh seachtaine amháin,” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin, Raidió Fáilte, “agus is cinnte go mbeidh idir chuideachta agus spraoi ag baint leis, tá muid ag súil go mór le fáilte a chur roimh ábhar craoltóirí teacht chun sult agus tairbhe a bhaint as áiseanna iontacha Raidió Fáilte”.

Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Déanfaidh siad taifead ar chlár amháin i rith an dá lá agus cuirfear gach tacaíocht agus áis is gá ar fáil dóibh.

Reáchtálfar an cúrsa dhá lá ar an Satharn, an 26 Márta agus an Domhnach, an 27 Márta, in áras Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Cuirfear lón ar fáil freisin dóibh siúd atá ag glacadh páirte.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcúrsa, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Dónall ag traenail@raidiofailte.com nó glaoch a chur ar 028 90 310013.

Reáchtáil Raidió Fáilte cúrsa traenála speisialta chun mná a mhealladh i dtreo na craoltóireachta raidió níos luaithe i mbliana. Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail a bhí i mbun an chúrsa agus craoladh na cláir a rinneadh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan níos luaithe an mhí seo.

Fág freagra ar 'Gearrchúrsa sa chraoltóireacht raidió le reáchtáil ag stáisiún Gaeilge'