Gearradh siar déanta ag an Irish Times ar an spás a chuirtear ar fáil don Ghaeilge

Ní chuirfear leathanach iomlán ar leataobh uair sa tseachtain feasta don Ghaeilge sa pháipéar

Gearradh siar déanta ag an Irish Times ar an spás a chuirtear ar fáil don Ghaeilge

The Irish Times

Tá gearradh siar déanta ag an Irish Times ar an spás a chuirtear ar fáil don Ghaeilge gach seachtain sa pháipéar.

Thug Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Pól Ó Muirí, le fios inniu nach mbeidh leathanach iomlán uair sa tseachtain á chur ar leataobh feasta don Ghaeilge sa pháipéar, faoi mar a bhí le tamall de bhlianta anuas.

“Atheagar” ar líon na leathanach a fhoilsítear gach lá sa nuachtán is cúis leis an gcinneadh.

Ag scríobh dó in eagrán an lae inniu den Irish Times, deir Ó Muirí gur “míle trua linn uilig go léir nach bhfuil ar ár gcumas, faoi láthair, aon leathanach amháin Gaeilge a chur ar fáil dár léitheoirí”.

Deir sé go raibh an Irish Times “dílis d’iriseoireacht na Gaeilge le fada fada an lá” agus go raibh “obair na gcapall” déanta acu thar na blianta chun “an chuid is fearr d’iriseoireacht agus de scríbhneoireacht na Gaeilge a chur ar fáil don phobal”.

“Leanfaidh muid leis an obair sin gan amhras. Is é ár ndúil oiread fiúntais agus is féidir linn a bhaint amach as an spás atá ar fáil dúinn.

“Is iomaí sin cor a bhí i scéal na Gaeilge sa nuachtán seo le himeacht ama ach tá rud amháin le rá faoi – níor loic an Irish Times ar an teanga a chur i gcló,” a deir Ó Muirí.

Deir an tEagarthóir Gaeilge gurb é “scéal na hiriseoireachta scríofa Gaeilge i gcónaí é go mbíonn lán mara agus lag trá ann”.

“Tá ar a laghad feamainn fós ar an chladach. Beidh orainn muid féin a shásamh leis an seanfhocal go mbíonn blas ar an bheagán!

Idir an dá linn, tá Gaeltacht fós againn sa nuachtán seo. Ní beag sin ar na saolta seo. Leanann muid ar aghaidh – dóchas inár gcroí agus neart inár lámha,” a deir Ó Muirí.

Tráth den saol bhíodh colúin Ghaeilge á bhfoilsiú ag an Irish Times ar laethanta éagsúla – Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin – ach ó bunaíodh Bileog bhíodh ábhar Gaeilge an pháipéir ar fad á fhoilsiú ar aon leathanach amháin uair sa tseachtain.

Tuarascáil seachas Bileog atá ar ábhar Gaeilge an Irish Times inniu agus leathleathanach seachas leathanach iomlán atá i gceist.

Fág freagra ar 'Gearradh siar déanta ag an Irish Times ar an spás a chuirtear ar fáil don Ghaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel ar aon chaoi “níor loic an Irish Times ar an teanga a chur i gcló”, caithfidh muid an méid sin a thabhairt don nuachtán sin. Is féidir an pictiúr a fheiceáil… bhíodh páipéir nuachta againn do mhuintir na gaeltachta agus do lucht foghlamtha na Gaeilge… ansin bhíodh páipéar nuachta ann do lucht foghlamtha na teanga amháin… ansin ní raibh fágtha againn ach leathanach amháin san Irish Times… anois ní bheidh ach leathleathanach Gaeilge san Irish Times… agus an ceann beag bídeach atá ann do na scoileanna agus do na foghlaimeoirí san Independent… níl fanta ann anois ach tuairisc.ie agus marach na hiarrachtaí ar líne atá déanta ansin bheadh muid gan nuacht ar bith le léamh i nGaeilge… agus na mílte duine thar lear ag léiriú suime sa teanga s’againne ní thuigim céard atá ag tarlú… meas tú an é nach bhfuil suim ag rialtas na tíre seo inár dteanga!! Is dóigh gur dul amú ar fad atá orm… :)

  • Liam Mac Lochlainn

    Is léir nach léiríonn an rialtas/ na rialtais suim go leor sa teanga. Ach bheadh nuachtán clóite againn dá mbeadh lucht na Gaeilge sásta tacú le nuachtán clóite. Ní ceart an locht a chur ar an rialtas amháin.Aithníonn cú géar a lochtanna féin.

  • Feardorcha

    Ní maith liom cos a bhualadh ar an té atá thíos … ach más sampla na sleachta sin thuas den iriseoireacht Ghaeilge sa Times ní haon iontas é nach bhfuil éileamh air.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bheadh tuairimí Dheaglán de Bhréadúin agus Uinsionn Mac Dubhghaill ar an scéal seo spéisiúil.